Aesop a tháinig go h-Éirinn/An Sean Duine agus an Bás

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Aesop a tháinig go h-Éirinn by Aesop, translated by Peadar Ua Laoghaire
An Sean Duine agus an Bás
[ 26 ]

35.—AN SEAN DUINE AGUS AN BÁS.


Ḃí sean duine cas cancaraċ amuiċ lá ar an gcnuc agus birtín brosnaiḋ bailiġṫe aige. Ḃí an t-ualaċ ar a ṁuin aige agus é ag teaċt aḃaile, agus gaċ ciscéim dá dtugaḋ sé ḃíoḋ sé ag spídiúċán ar an ualaċ mar ġeall ar ḃeiṫ ċóṁ trom.

D’airig an ġaoiṫ é agus ċeap sí go mbeaḋ spórt aici air. Ḋruid sí ċuige suas agus ḃain sí únfairt as. “Ó! greadaḋ ċúgat, mar ġaoiṫ!” ar seisean. “Ní h-aṁlaiḋ a ṫaḃarfá congnaṁ dom.” Ṫáinig sí laistiar dé, mar ’ḋ eaḋ ag taḃairt conganta ḋó, agus do ṡéid sí amaċ é i dtreó go mb’éigean dó ruiṫ tré loċán uisge agus gur fliuċaḋ go glúiniḃ é agus gur ḋóbair go leagṫí é. Ní “greadaḋ ċugat mar ġaoíṫ” a duḃairt sé ansan, aċt rud ba ṁeasa go mór ’ná é. Do sgaoíl sí leis go ceann tamail ḃig go dtí go raiḃ sé ag gaḃail tré ḃearna draoíbe. Ansan do sguab sí mór ṫímpal air agus ṫug sí cor coise ḋó agus do leag sí é féin agus an t-ualaċ sa draoíb agus ċuir sí an cnuc amaċ di.

D’éiriġ sé agus ċrom sé ar ġol. Ḃí culaiṫ draoíbe ó ṁulaċ talaṁ air; an fear boċt!

“B’ ḟearr liom ḃeiṫ marḃ!” ar seisean,” ’ná ḃeiṫ ag stracaḋ leis an saoġal so níos sia! B’ ḟearr liom go dtiocfaḋ an bás orm an neómat so!”

[ 27 ]Le n-a línn sin ṁoṫuig sé an rud laistiar dé. D’ḟeuċ sé ṫar a ġualainn. Cia ḃéaḋ ’na ṡeasaṁ ann aċt an bás. D’éirig a ġruaig ar a ċeann le sganra. Do stad an spídiúċán.

“Ġlaoiḋis orm,” arsan bás. “Cad tá uait?”

“Ó! ní’l faic, a ḋuine uasail,” ar seisean, “aċt go n-árdófá an ḃeart ḃrosnaiḋ seo orm.”

D’ árduig an bás an ḃeart air agus do sgaradar.

Ṫáinig an sean duine aḃaile agus geallaim duit nár airig sé fuaċt ’ná fliuċra ’ná gaoiṫ an ċuid eile de’n tslíġ.

An Múineaḋ.

Nuair a deir duine gur ḃ’ḟearr leis bás d’ḟáġail ’ná ḃeiṫ ag stracaḋ leis an saoġal, ná creid é.