Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/72

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
62
Caib. XXII. 11
MAITIÚ

maith, agus bhí an bhainis lán de dhaoine ’n‑a suidhe chun bídh. 11Ansan do tháinig an rí isteach go bhfeicfeadh sé an chuideachta, agus chonaic sé ann duine ná raibh culaith na bainise uime. 12Agus dubhairt sé leis: A chara, conus a thánaís-se anso isteach gan culaith na bainise umat? Ach níor labhair seisean focal. 13Ansan dubhairt an rí leis an lucht friothálmha, Deinidh a lámha agus a chosa do cheangal, agus caithidh amach é sa doircheacht atá amuigh, áit ’n‑a mbeidh gol agus díoscán fiacal. 14Óir tá glaoidhte ar mhórán, agus ní’l toghtha ach beagán.


15Ansan d’imthigh na Fairisínigh, agus chuadar i gcómhairle go ndéanfaidis búntáiste bhreith air ’n‑a chaint. 16Agus chuireadar chuige deisgiobuil leó féin i n‑aonfheacht le muintir Héróid, chun a rádh leis: A Mháighistir, is eól dúinn gur duine fírinneach tu, agus go múineann tú slígh Dé sa bhfírinne, agus ná fuil beann agat ar aoinne; óir ní fhéachann tú chun pearsan aon duine. 17Innis dúinn, d’á bhrígh sin, cad is dóigh leat?[* 1] An ceart cáin do dhíol le Caesar nó gan a dhíol? 18Ach bhí fios a ndroch-aigne ag Íosa agus dubhairt sé: A chluanuidhthe, cad chuige dhaoibh bheith a’m brath? 19Taisbeánaidh dom píosa d’airgead na cána. Agus thugadar dó pingin. 20Agus dubhairt Íosa leó: Cé leis an íomháigh seo agus an sgríbhinn seo? 21Le Caesar, ar siad. Ansan dubhairt seisean leo: D’á bhrígh sin [1]tugaidh do Chaesar na neithe is le Caesar; agus tugaidh do Dhia na neithe is le Dia. 22Nuair airigheadar an méid sin tháinig iongnadh ortha, agus d’fhágadar ansan é, agus d’imthigheadar.


23An lá san tháinig na Sadducínigh chuige,[2] daoine adeir ná fuil aiseirighe ann, agus cheistigheadar é, agus

  1. Rómh. xiii. 7.
  2. Gníomh. xxiii. 6.
  1. Ver. 16. “Muintir Héróid,” .i., daoine ó Héród a bhí ar aon aigne leis i dtaobh na cánach a dhíol le Caesar, .i., le h‑ímpire na Rómha. Measaid drong go raibh ameasg na nIúdach aicme ar a dtugtí “Héródiánaigh,” toisg go ndeiridís gur b’é Héród an Messias.