Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/71

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
Caib. XXI. 44
61
MAITIÚ

chine a thabharfaidh toradh uatha uirthi. 44Agus an t‑é a thuitfidh ar an gcloich sin, brisfar é; ach an t‑é go dtuitfidh sí air, meilfidh sí é.

45Agus nuair airigh uachtaráin na sagart agus na Fairisínigh na soluídí uaidh, thuígeadar gur bh’ ortha féin a bhí sé ag caint. 46Agus ba mhian leó é ghabháil, ach bhí eagla acu roimis na daoine, mar fáidh ab eadh é acu.



CAIBIDIOL XXII.

Parabal na bainise. D’órduigh Críost cáin do dhíol le Caesar. Do chlaoidh sé na Sadducínigh. Do thaisbeáin se cad í an chéad aithne sa dlígh. Do chuir sé measgán mearaídhe ar na Fairisíneachaibh.


1Agus d’fhreagair Íosa agus do labhair sé airís i soluídibh, agus dubhairt sé: [1]2Is cosmhail rígheacht neimhe le fear a bhí ’n‑a rí, agus do dhein bainis d’á mhac. 3Agus chuir sé a sheirbhísigh ag glaodhach ar na daoine a fuair cuireadh chun na bainise; agus níor bh’áil leó teacht. 4Agus chuir sé seirbhísigh eile uaidh airís. Abraidh, ar seisean, leis an muintir a fuair cuireadh, Féach, tá an féasda ollamh agam; táid mo mhairt marbh agus m’ealta ramhara, agus gach nídh ollamh: Tagaidh chun na bainise. 5Ach dheineadar-san neamhshuím de, agus d’imthígheadar, duine acu chun a fheirime, agus douine acu chun a cheannaidheachta. 6Agus do rug an chuid eile acu ar a sheirbhísigh, agus thugadar tarcuisne dhóibh, agus mharbhuigheadar iad. 7Nuair airigh an rí an nídh sin tháinig fearg air, agus chuir sé a shluaighte armtha uaidh, agus d’ídigh sé na marbhthóirí sin, agus do loisg sé a gcathair. 8Ansan dubhairt sé le n‑a sheirbhíseachaibh: Tá an bhainfheis ollamh; ach an mhuintir a fuair cuireadh, níor bhfiú iad é. 9Imthighidh amach, d’á bhrígh sin, ar na bóithribh agus pé daoine a gheobhaidh sibh, glaoidhidh isteach ortha chun na bainise. 10Agus d’imthigh na seirbhísigh amach ar na bóithribh, agus bhailigheadar isteach gach a bhfuaradar de daoine, idir olc agus

  1. Lúc. xiv. 16; Apoc. xix. 9.