Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/13

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
Caib. I. 22
3
MAITIÚ

ainim air, óir slánóchaidh sé a dhaoine ó n‑a bpeacaíbh. 22Agus do thuit an méid sin go léir amach i dtreó go gcómhlíonfaí an rud a dubhairt an Tighearna tré bhéal an fháidh nuair adubhairt sé: 23[1]Féach, beidh gein ’n‑a broinn ag maighdin, agus béarfaidh sí mac, agus tabharfaid siad Emmanuél mar ainim air; agus cialluigheann an ainim sin, Dia linn. 24Agus nuair a dh’eirigh Ióseph as a chodla do dhein sé mar a dh’órduigh aingeal an Tighearna dhó, agus do ghlac sé chuige a bhan-chéile; 25Agus níor chuir sé aithne uirthi go dtí gur rug sí a mac, a céad-ghein, agus thug sé Íosa mar ainim air.[* 1]


CAIBIDIOL II.

Ofrálacha na suadh. An teithe chun na h‑Éigipte. Marbhadh na leanbh.


1Ansan, nuair a [2]rugadh Íosa i mBetlehem Iúda, i laethibh an rí Héróid, tháinig draoithe ó’n ndomhan toir go Ierúsalam, agus dubhradar: 2Cá bhfuil an rí seo na n‑Iúdach atá beirthe? Mar do chonacamairne a réalt sa domhan toir agus thánamair chun é dh’adhradh. 3Nuair airigh Héród, an rí, an méid sin tháinig buaireamh air, agus ar Ierúsalem go léir chómh maith. 4Agus chruinnigh sé uachtaráin na sagart agus scríbhneóirí an phobuil, agus d’fhiafraigh sé dhíobh cá mbéarfaí Críost. 5Agus dubhradar-san leis: I mBetlehem Iúda, óir sin mar atá sgríobhtha ag an

  1. Isáias vii. 14.
  2. Lúc. ii. 7.
  1. Ver. 25. “Go dtígur rug sí a mac, a céad-ghein.”—Ó sna focalaibh sin, deir Heluidius agus eiriceadaidhthe eile go diamhasluightheach, go raibh ag an Maighdin Muire tuille clainne i n‑éaghmais Chríost: Ach taisbeánann Ierom naomtha, le mórán samplaí ná raibh ins na focalaibh sin an tSoisgéalaidhe ach nós cainte ameasg na n‑Eabhrach, agus ná raibh de bhrígh leis an rádh “go dtí” ac ’ghá chur i gcéill cad é an nídh nár deineadh, agus ná raibh aon bhaint ag an rádh leis an aimsir a bhí le teacht. Deirtear, Gein., Caib. viii., v. 6 agus a 7, gur “chuir Nóé amach fiach, agus gur imthigh an fiach amach agus nár fhill sé go dtí gur thriomuigh na h‑uisgeacha ar an dtalamh.” B’é sin le rádh, nár fhill sé i n‑aon chor. Agus deir Isáias, Caib. xlvi. ver. 4. “Deir Dia: ‘Táimse