Page:Na Cheithre Soisgéil.djvu/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
2
Caib. I. 8
MAITIÚ

8Agus do ghein Asa Iósaphat. Agus do ghein Iósaphat Ióram. Agus do ghein Ióram Ósias. 9Agus do ghein Ósias Ióatam. Agus do ghein Ióatam Achas. Agus do ghein Achas Esecias. 10Agus do ghein Esecias Manasses. Agus do ghein Manasses Amon. Agus do ghein Amon Iosias. 11Agus do ghein Iosias Iechonias agus a dhritháracha i ndaor-bhruid na Babilóine. 12Agus tar éis daor-bhruide na Babilóine do ghein Iechonias Salatiel. Agus do ghein Salatiel Sorobabel. 13Agus do ghein Sorobabel Abiud. Agus do ghein Abiud Eliacim. Abus do ghein Eliacim Asor. 14Agus do ghein Asor Sadoc. Agus do ghein Sadoc Achim. Agus do ghein Achim Eliud. 15Agus do ghein Eliud Eleásar. Agus do ghein Eleásar Matan. Agus do ghein Matan Iácób. 16Agus do ghein Iácób Ióseph, céile Mhuire, ó n‑ar rugadh Íosa d’á ngoirtear Críost.[* 1]


17D’á bhrígh sin na geinealacha go léir ó Ábraham go dtí Dáibhid is cheithre glúine déag iad. Agus ó Dháibhid go dtí daor-bhruid na Babilóine cheithre glúine déag. Agus ó dhaorbhruid na Babilóine go dtí Críost cheithre glúine déag.

18Agus seo mar a thárla geineamhaint Chríost. [1]Nuair a tugadh a mháthair Muire, i gcuing phósta, do Ióseph, agus roim theacht d’á chéile dhóibh, do fuaradh go raibh gein ’n‑a broinn aici ó’n Spioraid Naomh. 19Ach ó ba dhuine fíoraonta Ióseph, a fear, agus nár mhaith leis masladh puibilidhe thabhairt di, ba mhian leis í chur uaidh a gan fhios. 20Ach ag machtnamh dó ar an méid sin, féach, do thaisbeáin aingeal an Tighearna é féin dó i n‑aisling, agus dubhairt sé leis. A Ióseph, a mhic Dháibhid, ná bíodh aon eagla ort do bhan-chéile, Muire, do ghlacadh chúghat, mar is ó’n Spioraid Naomh an ghein atá ar iompar aici. 21Agus béarfaidh sí mac, [2]agus tabharfair-se Íosa mar

  1. Ver. 16. “Céile Mhuire.”—Thug an Soisgéalaidhe dhúinn geinealach N. Ióseiph amháin, gan trácht ar gheinealach na Maighdine, do réir nóis na n‑Eabhrach. Ach ó bhí gaol gairid eatartha taisbeánann geinealach dhuine acu geinealach an duine eile.