Page:Leabhar na Polainne.djvu/13

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
TIONNSCNAMH
O AODH DE BLACAM

Leabhar naofa do lucht na náisiúntachta an leabhar seo, cosúil leis an Apocalyptos nó le Irisleabhar Prísúin Sheáin Mhistéil. Baineann sé leis na smaointí is doimhne i gcroidhe an tírghráhóra. Bhí an t-údar ar aon chuideachta leis na laochra is na martair ba mhó do throid is do fhulaing: ar son tíre nó creidimh. Má tá meon Gaeil ag an léitheoir, aithneochaidh sé Eire san "Náisiún Oilithreach" agus glacfaidh sé chuige fhéin an méid a scríobh Mickiewicz chuig a cho-lucht-tíre.

Tá leabhar an-suimeúil le fáil ar bheatha Mhickiewicz,[1] ach bféidir gur doiligh a chuid scríbhinní fháilt, go mórmhór Leabhar na n-Oilithreach. Níor rinneadh aistriú Béarla ar an rí-leabhrán seo ariamh, gí gur h-aistrigheadh i morán teangacha eile é. Tá sé in Eabhrais ag na hIúdaigh, mar taitneann teagasc Mhickiewicz go mór leis an gcineadh díbeartha sin. San Fhrainncis a léigheas an leabhar,[2] agus nuair bhí sé léite agam thall san Museum Breatnach, bhi mo chroidhe fré theine, agus dubhras liom fhéin nach mbeinn sásta go bhfuighinn cóip damh fhéin agus go gcuirfhinn i n-úil do Ghaedhlaibh é. D'aistrigh mé cúpla giotaí agus chuireas i gcló i Saoirse na hEireann iad í mbliain a 1913; agus i mbliain a 1915 scríobhas


  1. Adam Mickiewicz. Le Monica M. Gardner. Lonndain, 1911. Féach leat fosta Poland: A Study in National Idealism, leis an údar chéadna. Lonndain, 1915.
  2. Le Livre de la Nation Polonaise et des Pélerins Polonais. Dhá aistriú ag M. Armand Lévy agus á chur in eagar ag Ladislás Mickiewicz, mac an údair, Páras.