Page:Leabhar na Polainne.djvu/12

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
VIII
LEABHAR NA PÓLAINNE.

orra, béidir. Mo bhaochas do Liam O Briain, M.E., leis, mar thug sé roinnt conganta dhom i dtosach na hoibre. Leanbh le mórán daoine an leabhar so, adéarfidh an léthóir.

Focal eile: béidir gurbh fhearr “có-uaisleacht” mar Ghaedhilg ar “égalité” uaireanta.

Do scrífinn cuntas éigin ar an údar, Adam Mickiewicz, ach tá eagla orm go ndeunfadh san an leabhar níos mó ná mar atá ceapuithe i meastachán na gclódóirí agus fós tá sé pas deunach bheith ag cuimhneamh air agus é go léir, geall leis, i gcló. Deunfad é uair éigin eile le cúnamh Dé má bhíon caoi agum air.

O thárla gur dó lena lán daoine nách maith an rud aistriú ar aistriú ní miste a rá anso, nuair a bhí an leabhar dhá chur i bhFraincis ag M. Armand Lévy, i gCathir Chonstantín, i 1855, go raibh an t-údar féin ag feuchaint chuige go ndeunfadh sé sa cheart é.

O oscladh siopa na leabhar Fraincise i Sráid Aine i mBaile-áth-cliath ba chóir nár ró-dheacair oibreacha Adam Mickiewicz dfáil. “Chefs-d’oeuvre poétiques d’Adam Mickiewicz traduits par lui-même et par ses fils et suivis du Livre de la Nation Polonaise et des Pèlerins Polonais avec une notice sur la vie de l’auteur par Ladislas Mickiewicz”—siné teidiol an leabhair, ina iomláine. G. Charpentier, rue de Grenelle-Saint-Germain 13, Paris, dfoillsig é.

LIAM O RINN.