Page:An Crann Geagach.djvu/44

From Wikisource
Jump to: navigation, search
This page has been validated.


Bhí an t-arbhar ina chruachaibh ann. Dubhairt sí liom an cárr a lochtadh. Chuidigh sí féin liom go tréan agus í corruighthe go mór ar feadh an achair.

Bhí fhios agam go mba le n-a hinghin an t-arbhar agus an gort, go mba cuid de’n mhaoin mhóir iad d’fhág a céile aici nuair fuair sé bás. Acht cé’n obair bhí ar an tsean-mhnaoi! Nach raibh a sáith lucht oibhre aca timcheall na háite le ualach arbhair thabhairt a bhaile dá mbéadh gábhadh leis? Agus cé’n chainnt bhí uirri faoi “rud a dhéanamh indiu nach ndearna sí le leithchéad bliadhain?”

Lochtuigheadh an cárr leis an arbhar. Amach linn an geata. Bhí an t-asal ag iarraidh an bóthar abhaile thabhairt air féin. Níor leig sise dhó.

“Cá bhfuil ár dtriall anois?” arsa mise.

“Ar an margadh—go Cill Eoghnáin leis an arbhar seo a dhíol.”

Bhí iongantas orm. Ní raibh gábhadh aici leis an airgead, agus siúd ag dul an an margadh í,—bean shaidhbhir, bean mhórchúiseach mar í, le ualach beag suarach arbhair! Céard bhí uirri chor ar bith? Cé’n fáth raibh sí chomh corruighthe sin ó mhaidin?

Bhí an sgéal sa mhuileann orm....

Díolamar an t-arbhar.

Thug sí isteach go teach ósta mé. Bhí aithne uirri san áit agus seóladh an bheirt againn isteach i seómra faoi leith. Fágadh dá ghloine ós ár gcomhair amach. Bhlas sí de’n fhíon. D’eirigh sí smaointeach.

“Leithchéad bliadhain,” ar sise, “leithchéad bliadhain sa lá indiu! Nach fada an t-achar é!”

40