Page:An Crann Geagach.djvu/45

From Wikisource
Jump to: navigation, search
This page has been validated.


D’eirigh sí n-a tost. Níor chuireas isteach uirri.

“Ní dheárnas a leithéid cheana le leithchéad bliadhain,” ar sise, agus shíltheá gur léithi féin bhí sí ag cainnt, “agus cheapas nach ndéanfainn arís go deó é. Ualach arbhair a ghoid agus a dhíol agus an t-airgead a chaitheamh i dteach ósta le fear....”

D’fhéach sí orm go géar.

“Agus tá tusa anchosamhail leis san éadan,” ar sise, “acht go raibh seisean n-a fhear níos breághtha ná thú.... an fear sin bhí agam-sa.... Leithcéad bliadhain sa lá indiu—ní rabhamair pósta an uair sin—d’imthigh linn ar an margadh le ualach arbhair. Chaitheamar a luach sa teach seo.... níor shíleas go ndéanfainn a leithéid arís choidhche.... acht ar maidin indiu, nuair chuimhnigheas ar an lá sin d’eirigheas óg arís—”

Rug sí ar láimh orm. Bhí deór faoi na sean-shúil.

“Leithchéad bliadhain? Slán beó leis an an lá úd! Beannacht dílis Dé le n-a anam....”

“Ámén!” arsa mise.

“Tá tú anchosamhail leis, anchosamhail ar fad,” ars an tsean-bhean agus briseadh n-a glór.

Níor labhair mé. D’fháisg sí mo lámh, agus d’fhéach uaithi siar go brónach thar na bliadhantaibh....

41