Page:An Crann Geagach.djvu/29

From Wikisource
Jump to: navigation, search
This page has been validated.


SA gCOILL

Bhí an ghrian ag dul faoi nuair shroicheas an choill, mé féin agus m’asal beag dubh agus an cárrín glas gleóite, agus ní fada an t-achar go raibh áit toghtha agam leis an oidhche chur tharm.

Bhí sé deacair áit níos feileamhnaighe fhágháil. Bhí sruthán crónánach ann le mo chosa a nigheachán thar éis an lae agus fuarán fíor-uisge i bhfogus dom leis an tae a dhéanamh gan trácht ar áilneacht na foraoise, ar na crainnte móra ársa beithe bhí ag cur culaith úir orra féin i gcomhair na bliadhna, ar bhaslógaibh dubha na bhfuinnseóg ná ar na paistíbh de sholus órdha bhíodh ag teacht agus ag imtheacht imeasg na sean-chrann.

Agus nach orm bhí an tuirse! Bhaineas an cárrín de’n asal. Cheangail mé an tsrian dá chois tosaigh, agus an ceann eile dhi de’n chárr ar eagla go n-imtheóchadh sé ar fuaidreamh uaim ar fud na coille i gcaitheamh na hoidhche. Annsin chóirigh mé mo leabaidh ar an dóigh seo: chroch mé píosa de shean-tseól bhí agam faoi’n gcárr go raibh leabaidh dheas chompóirteach luasgach agam, agus gan baoghal fearthainne orm dá fhaide dá bhfanfainn ann, mar thógas an chuid eile de’n tseól ar chliathaibh ós cionn an cháirr. A shárú d’árus ar thriomacht ná ar shocamhlacht ní raibh ag aon fhear taisdil ariamh.

25