47
Duḃairt an Ruaḋ na focail go dúṫraċtaċ i ndiaiḋ a ṁáṫar. Annsin rug sise ar a láiṁ ḋeis agus rinne sí cóṁarṫa na croise léiṫi ar a éadan. Rinne sí an aṫ- uair é le n-a ṁúineaḋ.
“Cuirfear faoi ṫeagasg agus baisteóċar ṫú, a ṁic,” ars’ an ḃaintreaḃaċ. “Béiḋ Peadar i nIarúsalem anoċt. Raċad féin agus an Dall ċuige le cóṁairle a ġlacaḋ uaiḋ ’do ṫaoḃ-sa. Aċt féaċ leis an gcóṁarṫa a ḋéanaṁ anois—uait féin.”
“Ṫóg an Ruaḋ a láṁ agus leag ar a ḃaṫais é.
“I n-ainm an Aṫar ....” ar seisean.
“ .... agus an Ṁic,” ar sise.
“Agus an Spioraid Naoṁ,” ars’ an Ruaḋ uaiḋ féin, agus annsin duḃairt an triúr le ċéile é.
Ṫáinig saiġdiúir amaċ as an seómra istiġ. Ḋearc ar an Ruaḋ. Leig a ṡean-sgairt gáiriḋe.
“Dar láiṁ m’aṫar san uaiġ,” ar seisean go hárd- ġlóraċ, “níl agam ann aċt an Ruaḋ. An Ruaḋ mór! An Ruaḋ cumasaċ! Ruaḋ na gcoṁrac agus na gcaṫ! Ruaḋ na mbréag! Ruaḋ an ġrinn agus an ṁagaiḋ! Ruaḋ na mban! A Ruaiḋ! A Ruaiḋ! cá raḃais le na bliaḋantaiḃ uainn?”
Ċuaiḋ sé de léim éasgaiḋ ṁeiḋriġ ċuig an doras agus do ġlaoiḋ ċuige ar ḃeirt nó triúr dá ċomráidiḃ. Ḃí an oiread áṫais orṫa siúd ar an Ruaḋ ḟeiceál dóiḃ is ḃí ar an gcéad ḟear. Ċuireadar i n-áirde ar a nguailniḃ é, agus rugadar isteaċ san seómra dá aiṁḋeóin é.
Deiċneaḃar fear a ḃí san seóṁra roiṁ an Ruaḋ ar ḋul isteaċ ḋó. D’aiṫniġ sé a ḃfurṁór, agus d’aiṫniġeadar é. Ḃí beirt ḟear nár aiṫniġ sé ’n-a suiḋe i gcúinne den tseómra agus iad ag cur cúrsaiḋe an tsaoġail ṫrí n-a ċéile as Gréigis. Tugaḋ an-omós don ḃeirt úd. Saul a tugaḋ ar ḋuine aca, ar an duine óg gléasta a ḃí n-a