Jump to content

Page:An Chéad Chloch - Ó Conaire.djvu/56

From Wikisource
This page has not been proofread.

46

a cleaċtuiġeaḋ go minic ar fud an doṁain ’n-a ḋiaiḋ sin, .i., Cóṁarṫa na Croise.

“A ṁáṫair! A ṁáṫair!” ars’ an Ruaḋ.

“A ṁic!” ars’ an ḃaintreaḃaċ agus ṫeann sí léiṫi é.

Is féidir le máṫair mórán a ṁaiṫeaḋ dá haon-ṁac. Is iomḋa droċ-ġníoṁ a rinne a mac siúd le n-a linn nár ṁaiṫ a ṁáṫair ḋó gur ċuala sí Críost ag teagasg an ṗobail; aċt nuair a ċuala sí gur tugaḋ ḃinéagar de ḃárr ġiolcaiġ do Ċríost agus É ar an gcrois, níor ḟéad sí an té a rinne an gníoṁ úd a ṁaiṫeaḋ; agus nuair a ċuala sí tuairisg an ḟir sin, go raiḃ sé ruaḋ leaṫ-ċluasaċ agus rian claiḋiṁ ar a éadan, ḃí ḟios aici gurab é a mac mí-áḋaṁail féin a ḃí ann, agus ḃí an oiread sin de ċuṁa agus de ċeann-faoi uirṫi nár leig sí a rún le haon neaċ.

Ḃí iongnaḋ mór ar an Dall. Do ṡíl sé naċ raiḃ rún ag aon Ċríostaiḋe nár hinnsiġeaḋ dá ċoṁ-Ċríostaiḋṫiḃ.

“Agus is dearḃ-ṁac duit-se an fear seo ṫug an ḃinéagar do Ċríost agus É ag faġáil ḃáis?” ar seisean leis an mbaintreaḃaiġ.

“Is fíor-ṁac ḋom é,” ar sise. “Agus is mac altroma liom ṫusa a ṡáiṫ é.”

“Aċt ḃíos dall, ḃíos dall,” ars’ an Dall, “ní raiḃ a ḟios agam céard a ḃíos á ḋéanaṁ. Ṁaiṫ Sé ḋom .... agus nuair a ḃí an dé ag imṫeaċt as, ḃreaṫnuiġ Sé go truaiġṁéalaċ trócaireaċ orm féin. Ċuaiḋ raḋarc A ḋá ṡúl isteaċ ’mo ṡúiliḃ dalla féin. A raḋarc-san atá agam anois,” ars’ an Dall, agus tógḃáil croiḋe agus meanman agus spioraide air.

“Agus maiṫfear duit-se, a ṁic, má ḃíonn aiṫriġe ort,” ars’ an ḃaintreaḃaċ le n-a mac féin. “Tá Críost lán de ṫrócaire agus de ġráḋ do ḋaoiniḃ..... Abair na focail, ‘maiṫ ḋom a Ċríost, maiṫ ḋom mo ḋroċ-ġníoṁ, maiṫ ḋúinn ár ndroċ-ġníoṁarṫa uile.’”