Jimín/4

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Jimín by Pádraig Ó Siochfhradha
Mar a n-instear íde an ċait, scéala an aonaiġ is ceannaċ na mbróg do Jimín
[ 22 ]

Caibidil IV

Mar a n‑instear íde an ċait, scéala an aonaiġ is ceannaċ na mbróg do Jimín.

Tá péire nua bróg agam ó lá an aonaiġ. Táid siad go gleoite deas agus táim ag taḃairt an-aire ḋóiḃ. Táid siad anois go sciomarṫa glan ar faoḃar an loċta agus ċífeá tú féin sa scáil atá ionta.

Mam do ċuir in airde ansan iad mar do ḃínn gaċ aon neomat á gcimilt leis an scuaib agus ag piocaḋ aon ruaine laṫaí a ḃí idir na tairní istiġ le blúire ’ċipín. Sí ċuir d’ḟiaċaiḃ orm, leis, iad a ḃaint díom ar fad i lár na báistí inné.

Is aṁlaiḋ a ḃí log uisce, tá’s agat, amuiġ sa ḃuaile agus ḃíos im ṡeasaṁ ina lár istiġ agus an t‑uisce go haltaiḃ orm. Ḃíos ag triail na mbróg, an dtuigeann tú, féaċaint an gcoinneoidís an t‑uisce amuiġ.

Aċ ċonaic Mam mé tríd an ḃfuinneoig agus ṫángas-sa amaċ as an log uisce sin cuíosaċ tapaiḋ, deirim leat.

Níl aon réasún le Mam. Cad é an ṁaiṫ bróga nua a ċoinneoḋ uisce amaċ mura mbeaḋ uisce timpeall orṫu ag iarraiḋ dul isteaċ? [ 23 ]Ní ḃfaiġfeá aon tsásaṁ as bróga mura mbeaḋ cead agat siúl trí lár an uisce leo.

Ní raiḃ ’ḟios ag mo ṁáṫair inné cad ina ṫaoḃ go raiḃ mo stocaí ar fad fliuċ. Ḃí sí á rá gur droċ-leaṫar a ḃí sna bróga.

Ní ḟaca sí mise in ao’ ċor ag iarraiḋ an mála a ṫarraing isteaċ as Poll a’ Lín ṫíos ar maidin le maide féaċaint conas a ḃí an cat a ċuireamar isteaċ ann inné roiṁe sin.

Ċuas ró-ḟada amaċ ar an ḃfaoḃar, a ḋuine, agus d’imiġ an ċos uaim agus ba ḋóbair doṁ-sa dul in éineaċt leis an gcat, aċ go rug Micilín Eoin orm agus gur ṫarraing aníos mé.

Nuair ṫugamar an cat isteaċ ḃí sé marḃ. Dúirt Micilín go dtiocfaḋ an t‑anam arís ann mar gurb ’ṡin nós ag cataiḃ—éirí ón mbás naoi n‑uaire. Sin é cúis gur ḃáiṫeamar é, tá’s agat—féaċaint an éireoḋ sé arís.

Má ḟanann sé marḃ beiḋ raic sa tiġ seo ’gainn-ne, mar ’sé ár gcat-na é, agus tá Mam tosnaiṫe ar ḃeiṫ ag cur a ṫuairisce. Bím ag dul síos ċuige go minic ó ṡin féaċaint an mbeaḋ aon ċorraí ann, aċ ’om briaṫar go ḃfuil sé ina stalcaḋ gan anam.

Ḃíos á ṗriocaḋ agus dúras “Ḃuis, ḃuis, ḃuis!” leis, aċ ní raiḃ aon ċorraí as. Féaċ, mura mbíonn sé ina steille-ḃeaṫaiḋ amáraċ caiṫfiḋ Micilín a ċat féin a ċur sa ṁála agus é ḃáṫaḋ i bPoll a’ Lín.


Aċ ag tagairt don aonaċ—ḃí an-lá agam ann. Ḃí sé le fada geallta ḋom go ligfí ann mé aġus ḃíos ag coimeád na bpingní ina ċoṁair [ 24 ]D’éiríomar—mé féin is Daid—ar a cúig a ċlog agus ċuamar leis an ngealaiġ ’on Daingean.

Ċeiṫre cinn de ḃeiṫíg a ḃí againn. Gaċ aon ḃearna a ḃuaileaḋ linn ar ṫaoḃ an ḃóṫair, ṫugaidís fé dul isteaċ ann agus ḃíoḋ Daid gaċ ’ra neomat á rá liom “’Jimín, a ḃuaċaill, riṫ rompa agus sáraiġ iad san;” nó “Preab isteaċ, a ġarsúin, agus bagair amaċ í sin,” nuair a ḃíoḋ ceann acu tar éis dul i bpáirc éigin.

Is minic a ḃíoḋ ḋá ċúrsa déag agam féin agus ag an mbeiṫíoċ timpeall na páirce istiġ sar a riṫeaḋ sé ina ceann gur ċeart di dul amaċ ar an mbóṫar arís.

Níorḃ aon ní, áfaċ, an bóṫar isteaċ go dtángamar ar an sráid agus ar ṗáirc an aonaiġ. Ċeapas ná raiḃ oiread stoic in Éirinn! beiṫíġ, agus boláin, agus ba, agus tarḃaí, agus caoire, agus iad go léir ag búirṫiġ agus ag méiliġ agus iad ag riṫ trí n-a ċéile.

Ḃí fear ag gaḃáil lár an aonaiġ suas agus fiċe bolán aige in aon scata aṁáin. agus triúr fear agus trí cinn de ṁadraí ina ndiaiḋ agus “Haḃa-haḃa!” ag na fearaiḃ agus “Baḃa-aḃa!” ag na madraí. Do scaipeadar rompa soir, siar.

Ḃí seanduine ann is bó ar aḋastar aige. Riṫ scata beiṫíoċ isteaċ idir é féin agus an ḃó. B’éigean dó scaoileaḋ léi; aċ ḃí sé ag caint le binib agus ag loċtú daoine go mbíonn scata mór beiṫíoċ acu agus a ḃíonn ag iarraiḋ an duine boċt a ċaiṫeaṁ d’uaċtar na talún!

[ 25 ]Scaipeaḋ na ċeiṫre beiṫiġ orm féin is ar Ḋaid trí huaire; agus ḃí ionad mo ċroí orm aon uair aṁáin nuair a ċuir Daid scaiṁ air féin ċun cleiṫire ṁóir ḟada go raiḃ maide ina láiṁ aige, agus dúirt leis, dar fia, go mbrisfeaḋ sé a ṁuineál. Ṁeasas-sa ná raiḃ m’aṫair fiáin in ao’ ċor, a ḋuine.

D’imiġ an fear eile, agus is maiṫ an ḃail air gur imiġ mar, nuair a ḃí sé tamall suas tríd an aonaċ, sin é an uair a ṫáinig an t‑olc go léir ar Ḋaid!

Timpeall a hoċt a ċlog ṫáinig na ceannaṫóirí ar an aonaċ. Fir reaṁra b’ea iad ar fad. Casóga móra orṫu, órlaċ de ḃonn féna mbróga acu; bróga geanncaċa orṫu; coisḃearta leaṫair go glúiniḃ orṫu; bataí siúil ag gaċ fear agus rian a ċoda ar gaċ éinne acu.

Ṫángadar ċugainn-ne agus d’ḟiafraiġ gaċ duine acu ḋem aṫair an niór a ṫógfaḋ sé ar na beiṫíġ. Ní ‘beiṫíġ’ adúradar in ao’ ċor aċ ‘ragaí’ agus ‘creatlaċa’ agus ‘básaċáin.’

“Oċt bpuint déag an ceann,” arsa Daid.

Ara ’ṁic ó! sin é an uair a ḋéanaidís an ċaint. Ar dtúis ċeapas ón gcaint a ḃí acu ná rugaḋ riaṁ leiṫéid mo Ḋaid le sprionlaiṫeaċt agus le neaṁ-réasún; agus i bpáirt na mbeiṫíoċ mboċt, ḃeaḋ náire ar ḋuine a adṁáil gur leis féin in ao’ ċor iad!

Ṫagaḋ olc ar Ḋaid uaireanta agus d’ḟógraíoḋ sé síos iad go dtí an leac is teo agus is íoċtaraí san áit úd go mbíonn tinte síorraí ann. Deireaḋ cuid acu san leis gur túisce go mór a ḃeaḋ sé féin ann, agus deiridís leis [ 26 ]na ċeiṫre ‘básaċáin’ a ḃreiṫ aḃaile leis agus gal tobac a ṫaḃairt dóiḃ!

I gcionn tamaill eile ḃraiṫeas go raiḃ tairḃe éigin iontu mar ṫairg fear trí puint déag an ceann orṫu, agus ċuir fear eile go dtí ċeiṫre puint déag iad; aċ ṫugaidís go léir “sean-alfraits sprionlaiṫe” ar Ḋaid nuair ná bogfaḋ sé ó na hoċt bpuint déag.

Fé ḋeireaḋ ḃain sé anuas deiċ scillinge, agus nuair a ċuaiġ na ceannaṫóirí go dtí cúig puint déag do ċaiṫ Daid anuas deiċ scillinge eile. Ḃíodar ag druidim i gcoṁgar dá ċéile mar sin go dtí ar deireaḋ ná raiḃ eatarṫu aċ leaṫ-ṡoḃrain.

Do ċruaiġ an scéal ansan arís. Ṫagaḋ fear acu. Ḃuaileaḋ sé stiall ar ḃeiṫíoċ acu. “An mór iad so?” adeireaḋ sé.

“Sé puint déag deiċ a’ ceann,” adeireaḋ Daid.

“Sín amaċ do láṁ,” adeireaḋ an ceannaṫóir agus ċaiṫeaḋ sé seile ar a ḃois féin agus ḃuaileaḋ sé buille den ḃois sin anuas ar ḃois m’aṫar.

“Taḃarfad na sé puint déag duit orṫu,” adeireaḋ sé. Ní ḃíoḋ Daid sásta agus d’imíoḋ an ceannaṫóir sin agus é ar straiḋn, agus ċeapainn féin ná tiocfaḋ sé i ngiorraċt páirce ḋem aṫair ar feaḋ a ṡaoil arís. Aċ ṫagaḋ arís agus arís eile agus fé ḋeireaḋ deineaḋ an margaḋ nuair a ḃailiġ scata mór timpeall orainn féin agus ar an gceannaṫóir, agus ḋeineadar ‘an drifríoċt a scoltaḋ’ ḋa [ 27 ]uair. Sé puint déag seaċt is réal a fuaireamar.

Tar éis na beiṫíġ a ċur sa traen is ea ṫángamar ar an tsráid. Ċuaiġ Daid ar lorg an airgid agus ċuas féin ag féaċaint ar gaċ aon rud. Áit an-ṁór is ea an Daingean agus tá mórán daoine ann. Siopaiṫe is mó atá acu. Luċt tarta ar fad atá ann, ní foláir, mar deoċanna a ḃíd na siopaiṫe ar fad a ḋíol is dóiġ liom. Ní ḟeadar cad a ċuireann an tart go léir ar ḋaoiniḃ sa Daingean.

Tar éis tamaill do ḃuail Daid arís liom. Ḃí sé féin agus beirt eile ag teaċt amaċ as tiġ. Ċuireas i gcuiṁne ḋó go raḃas ann agus fuaireas scilling uaiḋ. Ṫug an ḃeirt eile tistiún dom nuair a fuaireadar amaċ gur mac le Daid mé.

“Is maiṫ an garsún é, bail ó Ḋia air,” adúirt duine acu.

“Ní fada go mbeiḋ sé sin ċun maiṫeasa agat, a Ṡéamais,” arsan fear eile acu lem aṫair—aċ d’imíos-sa liom ag ceannaċ úll agus milseán agus brioscaí.

Ní fada in ao’ ċor do seasaiṁ an scilling dom—tá an donas le daoire ar gaċ aon rud, agus níor ṁór duit mála pingní ċun aon tsúlaċ a ḃaint as lá sa Daingean.

I gcionn tamaill eile ċuas ar lorg m’aṫar agus fuaireas é féin agus Mam i lár na sráide ṫíos agus an ḃeirt acu am lorg-sa. Ḃí sise á rá go raiḃ an garsúinín boċt caillte nó titiṫe leis an ocras. Ḃí Daid ag iarraiḋ a [ 28 ]ċur ina luí uirṫi gurab aṁlaiḋ ná fanfainn ina ṫeannta, agus ná raiḃ aon ḃaol orm.

Rugadar leo ansan me ag ceannaċ bróg dom. Ḃí péire stocaí ag Mam a ṫug sí ón dtiġ. Ḃíomar i ḃfad ag ceannaċ na mbróg. Do triaileaḋ fiċe péire orm sar a raḃamar go léir sásta. Ní dóiġ liom féin go raiḃ éinne sásta aċ Mam. Ní raḃas-sa ró-ṡásta leis na bróga a fuaireas mar ḃí tairní iontu.

Ḃí péire an-ḋeas ann i mbosca, agus leaṫar bog tanaí iontu agus iad ċoṁ héadrom le sop. Aċ ṫeastaiġ a deiċ fiċead ó ḟear an tsiopa orṫu agus dúirt Mam gur deas ḟéaċfainn ag siúl pludaiġ leo agus ag gaḃáil trí loganna uisce pé áit a ḃfaiġinn log uisce ċun gaḃáil tríd.

Fuaireadar péire breá láidir dom ar a seaċt déag is réal agus buaileaḋ orm iad. Ḃuaileas an doras amaċ leo, a ṁic ó, agus suas an tsráid, agus mé ag baint tine as cloċa na sráide leo. B’é an ċéad duine ḃuail liom ná Micilín Eoin.

“Hanaman scian, a Ṁicilín!” arsa mise, “fan uaim amaċ nó satalód ort!”

D’ḟéaċ Micilín ar na bróga.

“Taoi ceangailte ḋen dtalaṁ acu,” ar seisean.

Ḃíodar an-ainnis, leis, orm, an dtuigeann tú, aċ ní ṫaḃarfainn mar ṡásaṁ dó-san go n-adṁóinn é; aċ díreaċ lena linn sin, agus an ḃeirt againn ag siúl síos an tsráid in aice an Ḃainc, ċuireas mo ċos ar ċraiceann oráiste agus ’om briaṫar gur tógaḋ liom agus gur sínead ar m’ḟaid agus ar mo leiṫead mé.

[ 29 ]

Tógaḋ liom agus síneaḋ mé

Tógaḋ liom agus síneaḋ mé

[ 30 ]Ní hiad na bróga leag in ao’ ċor mé aċ an craiceann tubaisteaċ; aċ ní hé sin adúirt gaċ éinne a ċonaic mé aċ gurab aṁlaiḋ ná raiḃ taiṫí ar ḃróga agam, agus ḃí Micilín féin ag gáirí.

Ḃíos ċun iarraċt den ḃróig a ṫaḃairt dó nuair a ċuala ḋá raispín de ḃuaċaillí an Daingin ag gáirí fén gcábóig tuaṫa gur leag na bróga nua é. Ḃí olc agus crá croí orm féin agus dá ḃrí sin ṫugas dorn sa ṗus do ḋuine acu.

Ṫug an ḃeirt acu-san fúm-sa aċ leag Micilín duine acu, agus riṫ an dara duine acu uaim féin. Ḃíodar an ċuid eile den tráṫnóna ag faire orainn agus ag taḃairt ‘cábóg’ agus rudaí eile orainn, aċ ní ṫiocfaidís i ngiorraċt fiċe ráṁan dinn, mar ḃíomar fara Daid agus mo ṁáṫair.

Ḃí sé déanaċ nuair ṫángamar aḃaile an oíċe sin. Do ḃí an-ṁisneaċ ar m’aṫair tar éis an lae agus ḃí sé á rá gur ṁaiṫ an saol a ḃí ann, agus gur ṁaiṫ an buaċaill Jimín agus ná raiḃ aon ḃean in Éirinn ab ḟearr ná Mam. Do ḃíoḋ sise á rá leis éisteaċt ar eagla éinne á ċlos.

Ṫugas milseáin agus úll go dtí Cáit agus ḃí ana-ṡaol againn á n‑iṫe agus d’inseas di mar ġeall ar an aonaċ, agus ar an nDaingean agus na rudaí deasa a ḃí ann.

****

Táim tar éis dul síos go dtí an cat anois agus is baol go ḃfuil deireaḋ leis an saol so aige. Cad a ḋéanfad má ġeiḃeann Mam fios an scéil.