Page:Jimín - Ó Siochfhradha.djvu/34

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
28
Jimín

ċur ina luí uirṫi gurab aṁlaiḋ ná fanfainn ina ṫeannta, agus ná raiḃ aon ḃaol orm.

Rugadar leo ansan me ag ceannaċ bróg dom. Ḃí péire stocaí ag Mam a ṫug sí ón dtiġ. Ḃíomar i ḃfad ag ceannaċ na mbróg. Do triaileaḋ fiċe péire orm sar a raḃamar go léir sásta. Ní dóiġ liom féin go raiḃ éinne sásta aċ Mam. Ní raḃas-sa ró-ṡásta leis na bróga a fuaireas mar ḃí tairní iontu.

Ḃí péire an-ḋeas ann i mbosca, agus leaṫar bog tanaí iontu agus iad ċoṁ héadrom le sop. Aċ ṫeastaiġ a deiċ fiċead ó ḟear an tsiopa orṫu agus dúirt Mam gur deas ḟéaċfainn ag siúl pludaiġ leo agus ag gaḃáil trí loganna uisce pé áit a ḃfaiġinn log uisce ċun gaḃáil tríd.

Fuaireadar péire breá láidir dom ar a seaċt déag is réal agus buaileaḋ orm iad. Ḃuaileas an doras amaċ leo, a ṁic ó, agus suas an tsráid, agus mé ag baint tine as cloċa na sráide leo. B’é an ċéad duine ḃuail liom ná Micilín Eoin.

“Hanaman scian, a Ṁicilín!” arsa mise, “fan uaim amaċ nó satalód ort!”

D’ḟéaċ Micilín ar na bróga.

“Taoi ceangailte ḋen dtalaṁ acu,” ar seisean.

Ḃíodar an-ainnis, leis, orm, an dtuigeann tú, aċ ní ṫaḃarfainn mar ṡásaṁ dó-san go n-adṁóinn é; aċ díreaċ lena linn sin, agus an ḃeirt againn ag siúl síos an tsráid in aice an Ḃainc, ċuireas mo ċos ar ċraiceann oráiste agus ’om briaṫar gur tógaḋ liom agus gur sínead ar m’ḟaid agus ar mo leiṫead mé.