Teachtaireacht Lá Fhéile Pádraig 2021 ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Teachtaireacht Lá Fhéile Pádraig 2021 ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn  (2021) 
by Micheál D. Ó hUigínn
[00:00]

Teachtaireacht ón Uachtarán Micheál D. Ó hUigínn,

Lá Fhéile Pádraig 2021


[00:07]Lenár ndaoine ag samhlú aiséirí na hÉireann ó scáth dochrach phaindéim Covid-19, [00:13]agus ár ndomhan mar atá sé, ag folaingt, i gcruachás de bharr easpa measa ar an gcothromaíocht idir riachtanais an tsaoil agus cumas athbheochana an phláinéid, [00:24]cén teachtaireacht is cuí a sheoladh an bliain seo, ar Lá le Pádraig 2021?

[00:31]Cén teachtaireacht is chuí le hÉireannaigh an oileáin, agus muintir na tíre fud fad na cruinne, iad go léir san áireamh, [00:39]Éireannaigh ó dhúchais agus iad siúd atá díreach tagtha chun na tíre, a roinnt le chéile an bhliain seo ar Lá Fhéile ár Naomhphátrúin?

[00:48]B’fhéidir, agus cúinsí éagsúla ann i mbliana, go mba fhearr dúinn an lá a bhunú arís ar scéal Naomh Pádraig. [00:57]Scéal cumhachtach, miotasach as a dtagann ár Lá Náisiúnta, scéal a chuireann muid os comhair an domhain ar fad ar an seachtú lá déag Márta gach bliain.

[01:07]Is mar sclábhaí a tháinig Pádraig go hÉirinn, d’éalaigh sé agus d’fhill sé arís. [01:14]Imirceach ab ea é. Tá sé lonnaithe i mbunchloch ár n-imircigh Éireannacha, [01:19]ár dteachtairí manachúla, i measc eisimirce an naoú haoise déag roimh an nGorta Mór agus caillteanas ár ndaoine a d’éalaigh ar mhaithe lena slánú i ndiaidh an Ghorta.

[01:30]Is fiú dúinn a choimeád a gcuimhne i gcónaí gurb’ é ár scéal ná sa bhliain 1901 bhí formhór na nÉireannach a rugadh ar oileán na hÉireann ina gcónaí thar lear.

[01:43]Lá speisialta is ea Lá Fhéile Pádraig, mar sin, le cuimhneachán a dhéanamh ar stair ár n-imirceach. [01:51]Is deis foghlama í freisin, mar aon le foinse ár mianta agus polasaithe sa mbaile is i gcéin.

[01:59]Sna h-áiteanna éagsúla a mbíodh Éireannaigh ag canadh, in ard a ngutha, ar Lá Fhéile Pádraig tráth, táthar ag glacadh páirt in a nguthanna, le pobail imirceach ar fud an domhain. [02:12]Pobail is ea iad seo a bhfuil na cianta caite acu ag sárú cúinsí reatha.

[02:18]Dúinne mar Éireannaigh, ba é Naomh Pádraig an teachtaire a thánaig chugainn, a thug leis tiomna faoin gcumhacht taobh amuigh den duine féin, [02:27]spiorad a mhúnlaigh croí na daonnachta.

[02:31]Imirceach ab ea é, a d’iompair leis teachtaireacht an imircigh bháúil agus a chruthaigh gurbh fhéidir í a nascadh le foinsí eile an spioraid. [02:40]Tá gach cineál éabhlóide agus spioraid taobh amuigh d’anró an duine tábhachtach.

[02:48]D’aithin ár bPátrún Pádraig an gá speisíalta a bhain lena theachtaireacht a fhí isteach sa mheas don nádúr, [02:57]dá chumas agus gealltanas athbheochana, tréith chomónta í seo sa spioradáltacht dhúchasach.

[03:05]Ar Lá Fhéile Pádraig 2021, [03:09]meabhraítear dúinn go roinneann muid go léir an bhuairt, an spleáchas agus an géarghá le tuiscint a fháil, [03:16]tuiscint ar féidir léi gach teorainn a shárú. [03:21]I gceacht foghlama Covid-19, tá léargas doshéanta le fáil–ní hamháin go bhfuil orainn go léir, le chéile, teacht trí cheo na paindéime, ach an mórtas, sotal [03:33]agus díomas a bhaineann le smacht, le cur i bhfeidhm agus le heisiamh a chur dínn. [03:40]Straitéisí saoil ab ea iad seo, a d’fhág a lorg i bhfoirm easpa daonnachta agus domhan i mbaol.

[03:48]Tá an deis againn anois le bliain anuas, iniúchadh a dhéanamh ar na fuíntaisí tuairimí sin a chuir an dallamullóg orainn maidir le cé muid féin. [03:57]Tá go leor le caitheamh uainn, agus b’fhiú dúinn seo a dhéanamh gan mhoill. [04:02]Mar shampla, is cinnte nach bhfuil cogadh de dhíth le teacht ar shíocháin; [04:08]mar sin nuair a thagtar ar leigheas, éacht eolaíochta a dhéanann galar a sheachaint nó a réiteach, ba chóir dúinn an éacht seo a roinnt, [04:17]in ionad é a choimeád dúinn féin le hairgead a thuilleamh i gcomórtas trádála mí-chothrom.

[04:22]Beidh spás don áthais nuair a éalóinn muid ó Covid-19, agus beidh an t-áthais seo stiúradh ar ár luachanna úra, [04:32]a ndéanfaidh muid cleachtadh orthu agus muid ag tabhairt faoinár dturas nua le chéile. [04:38]Agus muid ag teacht amach ó scáth Covid-19, b’fhiú dúinn eolas a scaipeadh ar bhonn domhanda le turas comhroinnte a thógáil. [04:47]Tá muinín san fhocal scríofa ag dul i léig. [04:51]Ní mór dúinn an muinín sin a athbhunú.

[04:54]I mbliana, is cinnte go mbeidh achrann ann. [04:57]Cé go mbeidh cuimhní ann de thurais ón am atá caite, beidh díomá ann freisin [05:03]go mbeidh gá le turais eile a chur ar athlá. [05:07]Déanaimis comhbhrón leis na daoine sin gur bocht an t-ionadaí í an teicneolaíocht ar an gcaidreamh agus teagmháil sa bhfíorshaol.

[05:15]Ar bhealach úrnua i mbliana a stiúrfar an t-aitheantas tábhacht seo dár bPátrún, [05:22]tobar an dóchais dúinn ar fad. [05:25]Is féidir linn foghlaim uaidh mar a dhéanann muid i gcónaí, agus sna blianta amach romhainn nuair a bhaileoidh muid le chéile ag na mórshiúlta arís, [05:34]ní bheidh muid ite ag an tomhaltas.

[05:40]Cuimhneoidh muid siar ar Lá Fhéile Pádraig fiche fiche a haon agus an tús a chuir muid leis an turas nua. [05:45]Is turas é seo a bhfuil fonn orainn a roinnt leis an domhan mór agus a mhuintir go léir, [05:51]ceann a chabhróidh linn athnuachan a dhéanamh ar an meas don Mháthair-Chruinne, a bhfuil baint againn uilig léi. [06:01]D’fhág ár Naoimh Pádraig agus Bríd léargais agus críonnacht sheasmhach dúinn ar thábhacht an nádúir.

[06:08]Amach anseo, nuair a chuimhneoidh muid siar ar Lá Fhéile Pádraig fiche fiche a haon, [06:14]go bhfillimid air le fuinneamh agus fonn, agus muid ag déanamh iarrachta an saol a chur ina cheart arís, [06:20]go mall agus go cúramach. [06:24]Ba iad an ceol agus an chruthaitheacht ár n-acmhainn le linn na paindéime, [06:29]agus casann muid ar cheol an chroí nuair nach féidir linn teacht ar na focail– [06:34]foirmeacha éagsúla athbheochana, féidearthachtaí cleachta, aistir iontais agus triail go háiteanna nua.

[06:41]

“Déanaimid dearbhú,
Údar dóchais i ndán dúinn.
Seasaimid amach ón dorchadas,
Isteach go fáinne an lae nua”.

[06:50]Ar son mhuintir na hÉireann, ba mhaith liom muintearas a dhéanamh leo siúd ar Éireannaigh iad, [06:58]bíodh sin ó dhúchas, le hoidhreacht nó trí chaidreamh, agus iad siúd freisin a chabhraigh lenár nÉireannaigh an bhliain seo go háirithe. [07:05]Guím Lá Fhéile Pádraig sona agus síochánta daoibh go léir, agus dóibh siúd ar chuid lárnach de chlann na hÉireann iad, [07:13]mar aon lena cairde agus clanna ar fud an domhain.

[07:18]Beir beannacht.