Suantraidhe agus Goltraidhe/Mise Éire

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Suantraidhe agus Goltraidhe  (1914)  by Pádraig Mac Piarais
Mise Éire
[ 17 ]

MISE ÉIRE.

Mise Éire:
Sine mé ioná an Ċailleaċ Béarra.

Mór mo ġlóir:
Mé do rug Cú Ċulainn cróḋa.

Mór mo náir:
Mo ċlann féin do ḋíol a máṫair.

Mise Éire:
Uaigniġe mé ioná an Ċailleaċ Béarra.