BEAN tSLÉIḂE AG CAOINEAḊ A MIC
Brón ar an mbás, ’sé ḋuḃ mo ċroiḋe-se:
D’ḟuadaiġ mo ġráḋ is d’ḟág mé claoiḋte,
Gan caraid gan compánaċ fá ḋíon mo ṫiġe-se
Aċt an léan so im’ lár, is mé ag caoineaḋ!
Ag gaḃáil an tsléiḃe ḋom tráṫnóna
Do laḃair an éanlaiṫ liom go brónaċ,
Do laḃair an naosg binn ’s an crotaċ glóraċ
Ag faisnéis dom gur éag mo stóraċ.
Do ġlaoiḋ mé ort is do ġlór ní ċualas,
Do ġlaoiḋ mé arís is freagra ní ḃfuaras,
Do ṗóg mé do ḃéal, is a Ḋia, nárḃ’ ḟuar é!―
Oċ, is fuar í do leaba sa gcillín uaigneaċ.
’S a uaiġ ḟód-ġlas ’na ḃfuil mo leanaḃ,
A uaiġ ċaol ḃeag, ó’s tú a leaba,
Mo ḃeannaċt ort, ’s na mílte beannaċt
Ar na fódlaiḃ glasa atá os cionn mo ṗeata.
Brón ar an mbás, ní féidir a ṡéanaḋ,
Leagann sé úr is críon le ċéile,―
’S a ṁaicín ṁánla, is é mo ċéasaḋ
Do ċolainn ċaoṁ ’ḃeiṫ ag déanaṁ créafóig’!