Seanfhocla, Riddles, Catches

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Téacsanna ó na Gleannta  (1906) 
Seanfhocla, Riddles, Catches
[ 195 ]

Seanfhocla.

  1. Leis an uile mhadadh a chnáimh.
  2. Bidhidh a chiall fhéin aig an uile dhuine ⁊ ciall air leith aig an fhear mhire.
  3. Ní fhuair an madadh ruadh teachtaire ní b’fhearr ná é fhéin.
  4. Margadh na bpáistí, leig domh, leigfidh mé duid.
  5. Is námhaid an chéird gan a feoghluim.
  6. Saoilidh an t-éan dubh gur b’é a éan fhéin an t-éan is báine air bith.
  7. Scéal do innse do chapall ⁊ an capall air tóin ann áirde.
  8. Níor mhisde do Pheadar Pól.
  9. Tús ceatha ceó.
  10. Cruinnighidh brobh beairt ⁊ líontar saic de phoiríní.
  11. Cuireann súil thnúiteach corp ’un na cille ⁊ mart ’un an phota.
  12. Is é mar tá fear na h-aon bhó. Tá sé faoi smacht aig fear an dá bhó. Acht an té a bhfuil aige an sé no an seacht, ní fhaghann sé ceart o fhear an naoi.
  13. Deir an cat, cé d’ith an t-im? na mná.
  14. Is fhearr do bhéith as an tír ná as an fhaisiún.
  15. Is galar do’n ghabhar nuair nach n-itheann sé eidhean.
  16. Bidhidh rath air raplachan ⁊ théid an streabhóg amudha.
  17. Gach éan mar oiltear ⁊ an naoscann san eabar.
  18. Ní seibhte air bith do bhéith folamh.
  19. An stráinséair i n-aice an dáinséair agus an bearach féaraigh i n-aice an dorais.
  20. Sé mar tá an t-an-eólaidh dall. Ní ghlacann sé comhairle o neach a maireann. Gan eolas is fearr leis do bhéith ná aidbheáil go bhfuil sé i n-ainbhfios.
  21. Dhá dtrian galair le h-oidhche, ghá dtrian gaoithe le crannaibh, dhá dtrian sneachta le sléibhte ⁊ dhá dtrian gréine le beanna.
  22. Dis nach gcuireann le chéile, fear na céille ⁊ fear na h-éigcéille, de bhrígh go saoileann fear na h-éigcéille gur b’e fhéin fear na céille.
  23. Ní truimide do’n loch an lach.
    Ní truimide do’n each a shraon (shrian).
    Ní truimide do’n chaora a h-olann
    ⁊ ni truimide do’n cholann ciall.
  24. Is cosamhail le chéile an ball séire ⁊ a ghiolla. [ 197 ]
Riddles.


  1. Is lúgh ná luch,   is aoirde ná each,
    is gile ná gé,   ⁊ bidhidh sé na dhiaidh sin dubh.
                Áirne.
  2. Bidhidh dorsóir carcair cruaidh san chroidhe.
    Ní h-ésin dó-san, bidhidh sé maoth.
    Seasaidh sé san dorus mar bhéidheadh báillidh teann.
    Buailtear asteach é mar bhéidheadh ging.
    Tigidh an pinneóir le n-a pheann.
    Pollaidh ésean fríd a cheann.
    Sciordaidh an gadaidhe ⁊ éirighidh an greann.
                Stopalán an bhuideáil.
  3. Ceathrar na rith,   ceathrar air crith,
    beirt ag deánadh an eólais,   ⁊ lóibín air deireadh.
             Bó.


Catches.


  1. Uisce bog air ghob an chapaill. Cumail go bog mín gob an chapaill.
  2. Is bog an fód é-seo faoi mo dhá chois. Ni buige é ná ’n fód tá láimh leis. Fód bog eadar dhá bhog. Is bug ⁊ is bug é an bogfhód.