Séadna/2

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Séadna by Peadar Ua Laoghaire
Caibidiol 2
[ 11 ]

CAIBIDIOL A DÓ.

Nóra.—’Seadh!—a Pheig. Táimíd anso—airís. Tá saothar orm—bhíos ag ruith. Bhí eagla orm—go mbéadh an sgeul ar siúbhal rómham, agus go mbéadh cuid de caillte agam.

Peig.—Am briathar go bhfanfamaois leat, a Nóra, a laogh. Ní’l abhfad ó tháinig Gobnait.

Gobnait.—Mar sin do bhí cuigion againn d’á dhéanamh, agus b’eigean dómh-sa dul siar leis an im go Beul an Ghearrtha, agus nuair a bhíos ag teacht abhaile an cómhgar, do thuit an oídhche orm, agus geallaim dhuit gur baineadh preab asam. Bhíos ag cuimhneamh ar Shéadna agus ar an ór agus ar an bhFear nDubh, agus ar na spréachaibh bhí ag teacht as a shúilibh, agus mé ag ruith sul a mbeinn déanach, nuair a thógas mo cheann agus cad do chífinn ach an rud ’na sheasamh ar m’aghaidh amach—an gollán! Ar an gceud amharc d’á dtugas air, do thabharfainn an leabhar go raibh adharca air!

Nóra.—A dhiamhaise, a Ghobnait, éist do bheul, agus ná bí ’ghár mbodhradh led’ ghollánaibh agus led’ adharcaibh. Adharca ar an ngollán! Feuch air sin!

Gobnait.—B’fhéidir dá mbeitheá féin ann gur beag an fonn magaidh a bhéadh ort.

Síle.—Feuch anois! cia atá ag cosg an sgéil? B’fhéidir go gcuirfeadh Cáit Ní Bhuachalla orm-sa é.

Cáit.—Ní chuirfidh, a Shíle. Táir ad’ chailín mhaith anocht, agus tá ana chion agam ort. Mo ghrádh í sin! Mo ghrádh am’ chroídhe ’stigh í!

[ 12 ]Síle.—’Seadh go díreach! Fan go mbéidh fearg ort, agus b’fhéidir ná déarfá “Mo ghrádh í sin!”

Nóra.—Seo, seo! Stadaidh, a chailíní. Mise agus mo ghollán fé ndear an obair seo. Caith uait an stoca san, a Pheig, agus sgaoil chugainn an sgeul. An bhfuair Séadna an sparán? Is ’mó duine bhí i riocht sparáin d’fhághail agus ná fuair.

Peig.—Chómh luath agus dúbhairt Séadna an focal, “dar bhrígh na mionn!” do tháinig athrughadh gné ar an bhFear nDubh. Do nocht sé a fhiacla shíos agus tsuas, agus isiad a bhí go dlúite ar a chéile. Tháinig sórd crónáin as a bheul, agus do theip ar Shéadna a dhéanamh amach cia’cu ag gáirídhe a bhí sé nó ag dranntughadh. Ach nuair fheuch sé suas idir an dá shúil air, ba dhóbair go dtiocfadh an sgannradh ceudna air a tháinig air i dtosach. Do thuig sé go maith nach ag gáirídhe bhí an díolúineach. Ní fheacaidh sé riamh roimhe sin aon dá shúil ba mheasa ’ná iad, aon fheuchaint ba mhalluighthe ’ná an fheuchaint do bhí acu, aon chlár éadain chómh dúr, chómh droch aigeanta leis an gclár éadain do bhí os a gcionn. Níor labhair sé, agus do dhéin sé a dhícheal gan a leigint air gur thug sé fé ndeara an dranntughadh.

Le n‑a linn sin do leig an Fear Dubh an t‑ór amach airís ar a bhais agus do chómhairimh.

“Seo!” ar seisean. “A Shéadna, sin céad púnt agat ar an gceud sgilling a thugais uait indiú. An bhfuilir díolta?”

“Is mór an bhreis í!” arsa Séadna. “Ba chóir go bhfuilim.”

“Cóir nó éagcóir,” arsa ’n Fear Dubh, “an bhfuilir díolta?” Agus do ghéaruigh agus do bhrostuigh ar an ndranntughadh.

[ 13 ]“Ó, táim díolta, táim díolta!” arsa Séadna, “go raibh maith agat-sa.”

“Seo, má ’s eadh,” ar seisean. “Sin céad eile agat ar an tarna sgilling a thugais uait indiú.”

“Siní an sgilling a thugas do’n mhnaoi a bhí cos-nochtaithe.”

“Siní an sgilling a thugais do’n mhnaoi uasail cheudna.”

“Má ba bhean uasal í, cad do bheir cos-nochtaithe í? Agus cad do bheir dí mo sgilling do bhreith uaim-se, agus gan agam ach sgilling eile ’na diaigh?”

“Má ba bhean uasal í! Dá mbéadh a fhios agat! Siní an bhean uasal do mhill mise!”

Le linn na bhfocal san do rádh dhó, do tháinig crith chos agus lámh air. Do stad an dranntán. Do luigh a cheann siar ar a mhuineál. D’fheuch sé suas ins an spéir. Tháinig driuch báis air agus cló cuirp ar a cheannachaibh.

Nuair a chonaic Séadna an iompáil lí sin, tháinig iongnadh a chroídhe air.

“Ní foláir,” ar seisean, go neamhchuiseach, “nó ní h‑é seo an cheud uair agat ag aireachtaint teacht tháirsi siúd.”

Do léim an Fear Dubh. Do bhuail sé buille d'á chrúib sa talamh, i dtreó gur chrith an fód a bhí fé chois Shéadna.

“Ciorúghadh ort!” ar seisean. “Éist do bheul nó basgfar thú!”

“Gabhaim párdún agat, a dhuin’ uasail,” arsa Séadna go modhamhail, “cheapas go mb’fhéidir gur braon beag a bhí ólta agat, trá ’s gur thugais céad púnt mar mhalairt ar sgilling dom.”

“Thabharfainn, agus seacht gcéad, dá dtiocfadh liom baint ó’n dtairbhe do dhéin an sgilling cheudna; ach [ 14 ]nuair a thugais uait í ar son an tSlánuightheóra ni féidir a tairbhe do lot choídhche.”

“Agus,” arsa Séadna, “cad is gádh an mhaith do lot? Ná fuil sé chómh maith agat tairbhe na sgillinge úd d’fhágáil mar atá sé?”

“Tá an iomad cainte agat; an iomad ar fad. Dubhart leat do bheul d’éisteacht. Seo! Siné an sparán ar fad agat,” arsa ’n Fear Dubh.

“Ní h‑éidir, a dhuin’ uasail,” arsa Séadna, “ná béadh dóithin na h‑aimsire ann. Is ’mó lá i dtrí bliaghnaibh déag. Is mó bróg bhéadh deunta ag duine i gcaitheamh an méid sin aimsire, agus is ’mó cuma ’na n‑oirfeadh sgilling dó.”

“Ná bíodh ceist ort,” arsa ’n Fear Dubh, ag cur smuta gáire as. “Taraing as chómh géar i n‑Éirinn agus is maith leat é. Béidh sé chómh teann an lá déanach agus ’tá sé indiú. Ní bhéidh puínn gnótha agat de as san amach.”

Bhí Séadna sásta.

“Trí bliaghna deug!” ar seisean i n‑a aigne féin. “Agus neart dom tarang as ar mo dhícheal. Chuir sé brígh na mionn orm, ach bheirim-se brígh gach miona agus gach móide dhuit-se, a sparáinín, go mbainfear ceól asat!—Slán beó agat-sa!” ar seisean leis an bhFear nDubh.

D’iompuigh sé ar a sháil chun teacht abhaile, agus ma dh’iompuigh, siúd le n‑a chois an Fear Dubh. Ghéaruigh sé a choisidheacht. Ghéaruigh seisean chómh maith.

“Cad a dhéanfad?” arsa Séadna ’na aigne féin. “Chífid na cómharsain é.”

“Ná bíodh ceist ort,” arsa ’n Fear Dubh. “Ní fheicfidh aoinne mé ach tú féin. Ní foláir dom tú thionnlacan abhaile agus eólus na slíghe do chur, agus [ 15 ]radharc d’fhághail ar an gcathaoir shúgáin úd, agus ar an mealbhóig, agus ar na h‑ubhlaibh.”

“Gan rath ortha mar chathaoir agus mar mhealbhóig agus mar chrann ubhall! Is breagh na trí neithe do loiteadh indiú orm d’á mbárr,” arsa Séadna.

“Ní h‑é sin an ceann is measa de’n sgeul,” arsa ’n Fear Dubh. “Ach má thagan aon chómharsa isteach agus go suidhfidh sé sa chathaoir, ní foláir duit aontigheas do thabhairt saor ó chíos dó, mar ní bhéidh ar do chumas é chur amach agus é ceangailte sa chathaoir agat.”

“A dhróluinn na bhfeart! Cad a dhéanfad má tá triúr ceangailte rómham sa bhaile anois?” arsa Séadna. “B’fhéidir, a dhuin’ uasail, go bhféadfá-sa iad do sgaoileadh. Téanam ort. Tá míle fáilte rómhat.”

“Foidhne, foidhne! a Shéadna,” arsa ’n Fear Dubh. “Ní’l aoinne ceangailte fós. Bhí doicheal ort ó chianaibh, anois tá míle fáilte rómham. Á! a Shéadna, siní an fháilte mar mhaithe leat féin.”

“’Sdó! Is amhlaidh mar atá sé, a dhuine uasail——,” arsa Séadna, agus d’fheuch sé suas ar na h‑adharcaibh agus síos ar an gcrúib.

“Ó tuigim,” arsa ’n Fear Dubh. “Ní thaithnean déanamh na bróige seo leat, ná an saghas órnáide atá ar mo cheann. Ná bac san. Nuair a bhéidh taithíghe agat ortha ní bhfaighir locht ar bith ortha.”

“’Sdó, go deimhin féin anois, a dhuin’ uasail,” arsa Séadna, “agus creid mé leis, ní chúca-san a bhíos. Ach dá bhfeicidís na cómharsain tú do sgannróchaidís, agus bhéadh díobháil déanta, b’fhéidir.”

“Thar a bhfeacaís riamh! Ná fuilim tar éis a rádh leat nach baoghal go bhfeicfidh aoinne mé ach tú féin?” arsa ’n Fear Dubh.

[ 16 ]“Tá go maith,” arsa Séadna. “Téanam ort.”

Síle.—A thiarcais! a Pheig, ba dhóigh liom, dá bhfeicinn é, go dtuitfeadh an t‑anam tur teith asam.

Cáit.—Cad é an mhaith dhuit bheith ag caint mar sin? Ná dúbhairt sé ná féadfadh aoinne é fheiscint ach Séadna féin?

Síle.—Á! a Cháit, a ghrádh dhil, cá bhfios duit an raibh sé ag innsint na fírinne? Ní chreidfinn focal ó’n rógaire.

Cáit.—Nach maith a thug sé an t‑airgead do Shéadna?

Gobnait.—Cá bhfios duit ar bh’airgead é? D’airigheas duine ’ghá rádh go raibh seana Mhicheál Réamoinn lá i dtigh tabhairne i Sráid an Mhuilinn, agus go raibh a dó agus dá thistiún ag bean an tabhairne air, agus go raibh sí ag coimeád a hata i ngeall leis an airgead. Do chuaidh Micheál amach sa chlós agus do phioc sé suas a ceathair nó a cúig de licíníbh slinne, agus tar éis diablaidheachta éigin a dhéanamh ortha, thug sé chuici isteach iad, agus nuair dh’fheuch sí ortha dhó cheap sí gur bh’ airgead dleaghthach iad, agus thug sí an hata dhó. Deirtí gur fhoghluim Micheál “freemashun” ó’n Ridire, agus go bhféadfadh sé gabhar a dhéanamh díot, ach dá n‑aisdreóchadh an ghaoth agus tú ad’ ghabhar, ná féadfadh sé thú chasadh thar n‑ais.

Séamus ua Buachalla: Bail ó Dhia oraibh anso!

Peig.—Ó, Dia ’s Muire dhuit, a Shéamuis. Do dhrioshúr atá uait, is dócha.

Séamus.—Dúbhradh léi teacht abhaile láithreach. Tháinig Neill.

Cáit.—Airiú greadadh chúgat, a Shéamuis! Cathain?

Séamus.—Ó chianaibh beag.

[ 17 ]Cáit.—Go dtugaidh Dia oídhche mhaith dhuit, a Pheig, agus díbh go léir.

Peig.—Go dtéidhir slán, a Cháit!

Cáit.—Ní ’neósfair a thuille anocht, a Pheig?

Peig.—Tá go maith, a Cháit.

Caibidiol 2