Róisín Dubh

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
Róisín Dubh (16th century) 
anonymous

A Róisín ná bíodh brón ort fé'r éirigh dhuit:
Tá na bráithre 'teacht thar sáile 's iad ag triall ar muir,
Tiocfaidh do phárdún ón bPápa is ón Róimh anoir
'S ní spárálfar fíon Spáinneach ar mo Róisín Dubh.

Is fada an réim a léig mé léi ó inné 'dtí inniu,
Trasna sléibhte go ndeachas léi, fé sheolta ar muir;
An éirne is chaith mé 'léim í, cé gur mór é an sruth;
'S bhí ceol téad ar gach taobh díom is mo Róisín Dubh.

Mhairbh tú mé, a bhrídeach, is nárbh fhearrde dhuit,
Is go bhfuil m'anam istigh i ngean ort 's ní inné ná inniu;
D'fhág tú lag anbhfann mé i ngné is i gcruth-
Ná feall orm is mé i ngean ort, a Róisín Dubh.

Shiubhalfainn féin an drúcht leat is fásaigh ghuirt,
Mar shúil go bhfaighinn rún uait nó páirt dem thoil.
A chraoibhín chumhra, gheallais domhsa go raibh grá agat dom
-'S gurab í fíor-scoth na Mumhan í, mo Róisín Dubh.

Dá mbeadh seisreach agam threabhfainn in aghaidh na gcnoc,
is dhéanfainn soiscéal i lár an aifrinn do mo Róisín Dubh,
bhéarfainn póg don chailín óg a bhéarfadh a hóighe dhom,
is dhéanfainn cleas ar chúl an leasa le mo Róisín Dubh.

Beidh an Éirne 'na tuiltibh tréana is réabfar cnoic,
Beidh an fharraige 'na tonntaibh dearga is doirtfear fuil,
Beidh gach gleann sléibhe ar fud éireann is móinte ar crith,
Lá éigin sul a n-éagfaidh mo Róisín Dubh.


This work was published before January 1, 1929, and is in the public domain worldwide because the author died at least 100 years ago.