Page:Zeitschrift für celtische Philologie Vol. 5.djvu/36

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
28
RICHARD HENEBRY,

do bi ann ⁊ gach ní dar imdigh orra ⁊ na tosca matancvtar. Et do indis C. c. iarsin doib fen ⁊ do cách nach raibe dfhuirech orra gan bas dfhagbáil arís acht go tucad se fein esbaloid doib ⁊ go lesaiged se iad do molad na hecluisi. Do firadh sin amail adubairt C. c. oir tucc esbaloid doib ar an pongc-sin fein ⁊ fuaratar bas focédoir. ⁊ do furail an idhlacudh go roonóruch ⁊ sepel bec tempuil do denam os a cinn conad tempul an moir- shesir a ainm o sin alle. ⁊ gach uair dan idlaicí an ingen-sin righ na hIndía maille rena braithrib dogeibthi a corp os cinn talman arís. Ar na faicsin sin do C. c. do bendaigh ⁊ do coisric inadh ar leith di fen leath amuigh don tempoll gairid bec uadha don taeb tiar de ⁊ do hadhlaicedh andsin í ⁊ nir eirigh a corp os cinn talman ó sin suas. ⁊ as mor dfertaib ⁊ do mirbuilib doní úir an adluicthe-sin inar cuiredh hi ó sin alle. Et do foillsig C. c. do cach gorbé adbhar nár fulaing corp na bannaeimhe-sin an entumba re corpaib a braithrech an meid go raibe gráin aice ar caidrib na fer rena beo nar bail lé a corp do beith an éninad rena braithrib na eisimlair sin. IS urussa duind a tuicsin ar Columb cille an uair do bi an gráin-sin ag an bannaeimh-sin ar a corp do beith an entumba risna braithribh naemtha-sin do bi aice fen gorab maith bud inshechanta dona mnaib dona feruib le budh ail an óghacht do coimhed caidriub a céli sa saeghal-sa.

114. Fectus do C. c. ag radh a tth ⁊ a urnaidhe re cois na fairge a Port toraidhe a tuaidh a crich ceneoil Conaill ⁊ do gab tart ⁊ íta imarcach clerech óg budh dalta dó fen do bí faris an uair-sin .i. Fíonán ratha ⁊ ni raibe uisce a comghar doib an uair-sin. ⁊ arna thuicsin do Columb cille go raibe Fíanan anguasacht bais le méd an tarta do bí air tucc trí buille dá bachaill an édan cairge cloiche do bi na fhíadhnaise gor ling t srebha uisce esde innas cor coisc Finan a thart ⁊ a íta lesin uisce-sin. ⁊ atait na srebha-sin ag techt asan carraicc-sin aniug amail do batar an céd lá ⁊ doní an tuisce-sin moran dfhertaib ⁊ do mhirbuilib gachlai sin alle. gor moradh ainm de ⁊ C. c. de sin. ⁊ tuc C. c. mar onóir dFhinán an tinadh-sin dainmniugad uadha conadh ess Finan a ainm aniugh.