Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/86

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

78

dar linn? B'ḟéidir go ḃfuilid go léir ann, aċt ní léir dom go ḃfuil. Tá an donas ar mo ṡaoġal-sa, agus ní ḟeadar 'on doṁan cad is cóir dom a ḋéanaṁ. Litriḋeaċt i mBaile Áṫa Cliaṫ—Fairíor! Ċím anois go mbéaḋ sé ċóṁ maiṫ ḋom ḃeiṫ ag gaḃáil aḃráin don Life. Ní féidir liom post ḟáġail i n-oifig aon ṗáipéir eile. Rinne mé go leor iarraċta. Ḃíonn mo ċroiḋe cráiḋte go minic. Sa maidin, áṁṫaċ, bíonn aoiḃneas agus draoiḋeaċt ar mo ċroiḋe, agus bíonn dóċas an doṁain agam. Um ṫráṫnóna, tar éis mé a ḃeiṫ ar lorg oibre ó áit go h-áit, agus i n-oifigí do gaċ uile ċineál—mo ċreaċ cráiḋte!

“Tá saġas scannraḋ ar an ṁnaoi, aċt ní leigeann sí uirṫe go ḃfuil. Tá mo ċroiḋe céasta 'na taoiḃ ó ló go ló. Deireann sí ó am go h-am go gcaiṫfiḋ sinn imṫeaċt as Éirinn. Agus an t-aṫair agus an ṁáṫair ar tí teaċt ar ais, agus dóċas 'na gcroiḋe!—ní heol dóiḃ an stáid 'na ḃfuilmid. Duḃras go minic go dtigeann anam duine ar an doṁan i dtreo go mbéaḋ caṫ agus cleaċtaḋ aige. Caṫ agus cleaċtaḋ! Caṫ agus cleaċtaḋ i gcoṁnuiḋe, gcoṁnuiḋe! 'Seaḋ, duḃras é roiṁe seo; tuigim agus moṫuiġim anois é.”

Duḃairt an t-Aṫair Muiris go mb' ḟearr do Ċaoiṁġín agus Úna Baile Áṫa Cliaṫ d'ḟágáil agus dul go Cluaintobair. Ḃéaḋ saoġal sonasaċ aca ar an ḃfeilm ḃig, dar leis, agus tar éis oibre an lae ḃéaḋ sé ar a ċumas litriḋeaċt a ḋóṫain do ċumaḋ. “Duḃras leat i ḃfad ó ṡoin go ḃfuil ‘mianaċ smaointe’ le fáġail fá'n dtuaiṫ, agus go ḃfuil doṁan intinne fá leiṫ ag muintir na tuaiṫe. Tiocfaiḋ nua-litriḋeaċt na h-Éireann ó'n dtuaiṫ. Na bailte móra atá againn tá siad feoċta, loitiġṫe. Níl spiorad Ċríost ná spiorad Ċúċulainn ionta. Fill ar an ḃfeilmeoireaċt, a Ċaoiṁġín, agus béiḋ áḋḃar ḟiliḋeaċta agus áḋḃar litriḋeaċta i do ċroiḋe gaċ lá. 'Seaḋ, agus béiḋ rud atá i ḃfad níos fearr ionat—béiḋ Ríoġaċt Neiṁe le moṫuġaḋ ionat. Táim ċóṁ sona le naoṁ agus mé ag obair ar an riasc mór annso i nGortruaḋ. An ḟeilmeoireaċt go bráṫ!”

“Anois agus arís,” ar Caoiṁġín 'na ḟreagra, “saoilim go ḃfuil an ceart agat, agus gur ċóir dom dul ar ais go Cluaintobair. Aċt is sgríḃneoir mé gan aon ġó, agus tá sé buailte isteaċ im' aigneaḋ go ḃfuil neiṫe im' intinn gur cóir dom a gcraoḃsgaoileaḋ. Aċt níl sliġe ná uain