Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/84

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

76

mí-ṁeisneaċ. Teasduiġeann Cúċulainn nua, Cúċulainn intleaċtaċ, uainn, agus níl sé le fáġail.”

“Tá an spiorad ins na daoine, aċt tá sé fá ċeilt fós,” ar Caoiṁġín. “'Sé an rud atá róṁainn 'ná an ‘gnáṫ-ḋuine’ atá i ngaċ aoinne a ḃualaḋ fá ċos, agus an ‘fíor-ḋuine’ a ċur i n-uaċdar. 'Na ḋiaiḋ sin béiḋ Ríoġaċt Neiṁe againn—nó ionainn.”

“Ní ḃéiḋ sí san oifig seo go dtoġfar Cúċulainn mar eagarṫóir agus Prometeus mar ‘ṫuairisgeoir iasaċta’” arsan t-árd-ṫuairisgeoir.


CAIB. a XXIII.—LAEṪEANNTA AN DÓLÁIS.

Níor ṡaoil Caoiṁġín ar dtús go raiḃ an sgéal leaṫ ċóṁ dona aige agus do ċeap an t-árd-ṫuairisgeoir é a ḃeiṫ. Go deiṁin níor ṡaoil sé go raiḃ sé go dona ar ċor ar biṫ. Ḃí sé tuirseaċ de ṫuairisgeoireaċt—an saġas di a ḃí ag teasdáil ón ‘tSean-ḃean Liaṫ’ pé sgéal é. An dúil ṁór a ḃí aige i litriḋeaċt, ḃí sí ag éirġe niḋ ba ḋéine agus níḋ ba láidire le déanaiġe 'ná mar ḃí sí ċeana. Ċeap sé gur ṁiṫid dó fíor-iarraċt a ḋéanaṁ i gcóir saoġail sásaṁail, litearḋa.

Ḃí go maiṫ. Do ċuir sé snas agus slaċt ar an gcéad ċuid de'n leaḃar fá “Ċreideaṁ agus Saoṫar ár Sinnsir,” an leaḃar 'nar ṫráċt sé faoi “an ċóiṁ-ċeangal atá idir diaṁaireaċt agus fíor-ṡíḃialtaċt.” Do ċuir sé ċun carad í—duine mór de Ċonnraḋ na Gaeḋilge.

Níorḃ ḟada gur ċasadar ar a ċéile.

“Tá an leaḃar léiġte agam,” arsan duine mór. “Do ṫaiṫniġ sé go mór liom féin. Aċt ní féidir leis an gConnraḋ é ḟoillsiuġaḋ. Tá rudaí ann agus níor ṁaiṫ le daoine áiriṫe a n-innsint ná a gcraoḃsgaoileaḋ. Sgaipfeaḋ an leaḃar an iomarca eolais imeasg an tsluaiġ.”

“Ní féidir é sin a ḋéanaṁ,” ar Caoiṁġín; “ní féidir an iomarca eolais a spaipeaḋ i n-aon tír.”

“Is féidir—i n-Éirinn,” arsan duine mór. “Is contaḃarṫaċ an rud an t-eolas. Ní fuláir do'n Ċonnraḋ a ḃeiṫ an-ċúramaċ. Caitfiḋ sé ḃeiṫ ċóṁ glic le sean-ṡionnaċ.”

“Ní ḟeicim aon ċóiṁ-ċeangal idir fírinne staire agus sean-ṡionnaċ,” ar Caoiṁġín.