Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/70

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

62

Caoiṁġín sna h-aistí go raiḃ boċtaineas na nGaeḋeal ṫar meoḋon, agus nárḃ olc agus nárḃ uaṫḃásaċ an rud é na daoine ag a raiḃ iarsma na sean-ṡíḃialtaċta a ḃeiṫ i n-a leiṫéid de stáid? Nárḃ uaṫḃásaċ an rud é fós intinní agus anamanna a ḃeiṫ d'á milleaḋ annsin ó ḃliaḋain go bliaḋain agus ó aois go h-aois. Ṫáinig duḃaċán na h-intleaċta ann—go deiṁin ḃí sé ann i gcoṁnuiḋe—ċóṁ maiṫ leis an nduḃaċán eile. Duḃairt sé a lán faoi na neiṫe seo. Sgríoḃ an t-árd-ṫuairisgeoir ċuige:

“Tá na h-aistí go breaġ ar ṡliġṫiḃ, aċt táṫar ag casaoid go mór annso faoi an méid a sgríoḃann tú ar Ġaeḋeala agus ar ṡean-ṡíḃialtaċt agus ar anamainn. Ná bac leo feasta. Is beag an tsuim a ċuireann ‘An tSean-ḃean Liaṫ’ ionta súd. Ní ḃaineann siad le ‘nuaiḋeaċt.’ Sgríoḃ ar ṗrátaí, a ḃuaċaill!—ar ṗrátaí atá loitiġṫe, millte. Tuigeann ‘An tSean-ḃean Liaṫ’ ṗrátaí loḃṫa; ní ṫuigeann sí anamanna agus ní maiṫ léi síḃialtaċt, nua ná sean. Tá an sgéal céadna ag a léiġteoirí.”

Duḃairt Caoiṁġín le hÚna go raiḃ sé ag éiriġe tuirseaċ de ṗáipéirí nuaiḋeaċta, ‘An tSean-ḃean Liaṫ’ go h-áiriṫe. Níor ċuireadar suim aċt i rudaí suaraċa, aimsearḋa. Ṁeas sé go minic, aduḃairt sé, gur ċóir dó éiriġe as obair de'n tsaġas úd, agus gan aċt obair litearḋa a ḃeiṫ idir láṁaiḃ aige. Annsin ḃéaḋ sé ag leanaṁaint ar a ḟíor-obair. Mar ḃí sé pósta, agus saoġal aoiḃinn, áṫasaċ aige, baḋ ċóir dó ḃeiṫ i n-ann fíor-litriḋeaċt do ċumaḋ.

Tráṫnóna aṁáin nuair ḃí a ċuid oibre san Iarṫar beagnaċ críoċnuiġṫe ḃíodar ag tráċt faoi an gceist seo agus iad ag siuḃal cois loċa áluinn.

“A Ċaoiṁġín,” ar Úna, “bíonn tú ag taiḋḃreaḋ i gcoṁnuiḋe. Bíonn saġas draoiḋeaċta ar do ṁeaḃair agus ar do ṡúile agus ní ḟeiceann tú an saoġal coitċeann ar ċor ar biṫ. Is maiṫ an rud é sin ar ṡliġṫiḃ; go deiṁin is áluinn é; aċt tá eagla orm 'na ṫaoiḃ. Ċíḋfiḋ tú lá éigin naċ ḃfuil an saoġal mar a ċeapann tú é a ḃeiṫ. Béiḋ a ṡuaraċas agus a ċruaiḋeas soiléir duit. Annsin fairíor! Béiḋ tú——”

Do stad sé agus do ṗóg sé í.

“Ní ċuirim suim ar biṫ sa tsaoġal coitċeann,” ar seisean. “Tá tusa agam. Agus ó's rud é go ḃfuil tá an saoġal go h-áluinn agam. Agus o's rud é go ḃfuil sé ċóṁ