Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/55

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

47

ní raḃadar aċt i mbéal a maiṫeasa fós; níor ṫuigeadar a mbealaċ ná a dtír ná an aois nua i gceart; agus na treoruiḋṫe intleaċtaċa a ḃí aca, ní raiḃ dúil i dtreorú ag a ḃfurṁór. Ċeap cuid aca gur leor dóiḃ tobac a ċaiṫeaṁ ins An Stad agus aḃráin do ċumaḋ ar an sean-nós; ṡaoil cuid eile aca gurḃ iad “fuaimeanna” a ċuirfeaḋ spiorad na h-Éireann i n-aondaċt le ceol treoruiġṫe na cruinne . . . Buḋ ċóir do gaċ sgríḃneoir go h-áiriṫe smaoiniuġaḋ agus oibriuġaḋ i mbárr a anama.

D' éiriġ Caoiṁġín go moċ gaċ maidin, agus amaċ leis ar a roṫar ṫar na bóiṫre idir na sléiḃṫe agus an ḟairrge. Ḃí “draoiḋeaċt na maidne” 'na ċroiḋe agus 'na ṫimċeall, agus diaiḋ ar ndiaiḋ do ṡocruiġ sé ar leaḃar mór, táḃaċtaċ, intleaċtaċ do sgríoḃaḋ.

Diaṁaireaċt agus síḃialtaċt bun a's bárr an leaḃair—diaṁaireaċt agus síḃialtaċt na nGaeḋeal. B' eol dó go raiḃ síḃialtaċt i n-Éirinn, agus ar fud an doṁain, na mílte bliaḋain roiṁ Aois ár dTiġearna. An ċaint do ċuala sé agus na leaḃra do fuair sé i gCumann Erigena ċuireadar crot nua, iongantaċ ar sgéal an ċiniḋ ḋaonna. Agus maidir leis an rud ar a nglaoḋtar “stair,” ḃí sé ċóṁ cosaṁail le fíor-stair agus do ḃí “nuaiḋeaċt” na bpáipéar laeṫeaṁail le beaṫaiḋ spriod- álta agus le beaṫaiḋ intleaċtaiġ na h-Éireann. Ḃí sé cinnte go raiḃ diaṁaireaċt áluinn i n-Éirinn i n-allód, agus gan eolus a ḃeiṫ againn faoi an ndiaṁaireaċt sin ní féidir linn síḃialtaċt agus saoṫar agus sgéal ár sean do ṫuigsint. Cailleaḋ an diaṁaireaċt agus milleaḋ an saoġal i n-Éirinn i ḃfad sul ar ṫáinig na Loċlannaiġ. D'éiriġ an-ċuid daoine go h-aċrannaċ, d'éiriġ cuid eile aca go foirmeaċ. Ḃí morán eolais fá leiṫ ag Caoiṁġín i dtaoiḃ an tsean-ṡaoġail agus na sean-ḟeallsaṁnaċta agus na sean-ealaḋan agus na sean-ṡíḃialtaċta; agus ċuir sé leagan nua ar an iomad rud a ḃain leis na sean-déiṫe, leis na sean-nósa, agus leis na sean-sgéalta. Ba léir dó gur ṫuig an sean-sean-Ġaeḋeal, ċóṁ maiṫ leis an nGréagaċ, ⁊l, an diaḋaireaċt a ḃí ann féin; ba ḟeasaċ dó-san go raiḃ ríoġaċt Neiṁe ann féin. Aċt ba ṡuaraċ é smuaineaḋ na n-Éireannaċ i dtaoiḃ an tsaoġail agus an ċiniḋ ḋaonna le fada. Ní raiḃ fios aca—mar a ḃí ag a sinnsir—ar an ndiaḋaireaċt agus ar an nglóire a ḃí le fáġail ionta féin. Aċt do ṫaisbeán spiorad an