Page:Uilliam Ó Riain - Caoimhghin o Cearnaigh.djvu/35

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

27

“Ceapaim go dtuigim é go rí-ṁaiṫ,” ar Caoiṁġín. “Táim ag déanaṁ stuidéir ar na ceisteanna seo le fada, cuid aca ag cur áṫais orm, cuid eile aca ag déanaṁ buaiḋearṫa ḋam. Léiġeas a lán i dtaoiḃ na siḃialtaċt' a ḃí sa doman na mílte aois ó ṡoin; i dtaoiḃ na Múinteoirí Mór a ḃí ann i ḃfad roiṁ aois ár dTiġearna—bríġ a dteagasc cosṁail le bríġ Ċríostaiḋeaċta—agus i dtaoiḃ sean-ealaḋan agus sean-ḟeallsaṁnaċta ar fad.”

“Léiġeas féin a lán do na rudaí céadna,” arsan t-Aṫair Muiris. “Ċuireadar iongnaḋ agus áṫas orm. Ċuireadar ag maċtnaṁ fós mé, agus tá aon níḋ dá ḃárr agam—an obair úd i nGortrua.”

“Is aisteaċ é sin,” ar Caoiṁġín. “Tar eis na rudaí mór seo do léiġeaḋ agus do sgrúdú ḋuit baḋ ḋóiġ liom go mbéaḋ dúil-anama ġlórṁar agat agus naċ mbéiṫeá sásta le h-áit iargcúlta mar Ġortrua.”

“Cúpla bliaḋain ó ṡoin ní ḃéinn sásta,” arsan t-Aṫair Muiris, “aċt tá mé lán-tsásta anois. Ní furus é ṁíniú, aċt tá sé soilléir dam féin. Smaoiniġ go cúramaċ fá'n gceist ar fad agus b' ḟéidir go mbéaḋ gaċ rud ċóṁ soilléir duit-se agus tá daṁ-sa i ndeire na dála.”

Ṡaoil Caoiṁġín gur ṁór an truaġ é. Ċóṁ intleaċtaċ, ċoṁ léiġeanta agus do ḃí an t-Aṫair Muiris—b' ḟéidir leis litriḋeaċt ṁór do ċumaḋ dá mb' áil leis é. B' ḟéidir leis ḃeiṫ ċóṁ mór mar ṫreoraiḋe intleaċtaċ i n-Éirinn agus do ḃí an t-Aṫair Tiobóid 'na ṡliġiḋ féin breis a's trí fiċid bliaḋain roiṁe sin. Aċt fáiríor! Ḃí sé sásta a ḃeiṫ 'na ċoṁnuiḋe san iargcúil, ag toċailt na talṁan sa ló, ag innsint sean-sgéalta cois na teineaḋ ist-oiḋċe, i n-ionad a ḃeiṫ ag sgríoḃaḋ leaḃar nua, agus ag cur a smaointe mór os coṁair an tsaoġail Ḟódlaiġ.

Ar feaḋ uaire ḃí Caoiṁġín ag iarraiḋ air éiriġe as an ḃfeilmeoireaċt, agus obair intleaċtaċ a ċur ċun cinn. Do laḃair an tAṫair Muiris go deas, réiḋ, aereaċ 'na ċoinne.

“Dúiliġeann sinn an iomarca rudaí naċ ḃfuil gáḃaḋ againn leo,” ar seisean fá ḋeire. “Tá an smólaċ sásta leis an gceol ċéadna leis na ciantaiḃ Éireann. Tá an sgéal céadna ag an ḃfuiseog agus an londuḃ.”