Page:Táin Bó Cuailnge 'na dráma - Ua Laoghaire.pdf/41

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
27
TÁIN BÓ CUAILNGE

O.—Ní fíor san, a Ṁéiḃ. Is tairḃe mór ḋuit ḃeiṫ liom. Breiṫniġ an aḃa sar a dtéir ’na cuiliṫ. Má ṫéiġean tú go Cúige Ulaḋ agus gan agat aċ caogad míle fear, ní ṫiocfair-se ná iad aḃaile go Cruaċain arís.

M.—“Caogad míle fear!” Cé duḃairt go raḃas ag dul go Cúige Ulaḋ agus gan agam aċ caogad míle fear!

O.—Ní ḟeicim a ṫuille san áireaṁ atá déanta agat.

M.—Agus níor ṫugais uain dom ar a innsint duit go ḃfuil áireaṁ eile le déanaṁ agam. Níor ṫugais uain dom, a Oilill, ar a innsint duit go ḃfuil Cú Raoi mac Dáire ag teaċt aneas ó Ċaṫair Con Raoi, agus ḋá ṫríoċa céad aige, a ġnáṫ-ṫeaġlaċ féin. Agus níor ṫugais uain dom ar a innsint duit go ḃfuil ḋá rí ḋéag dá éaġmais ag teaċt ó’n Muṁain ċuġainn agus tríoċa céad de ċaiṫ-ḃilíḃ cruaḋa calma ag gaċ rí ḋíoḃ. Fir go ḃfuil seana-ṫaiṫiġe ag gac fear acu ar arm agus ar ċaṫ agus ar ċogaḋ. Fir a ċuir teiċe agus ruag agus dearg-ár go minic ar ṡlóiġtiḃ Ulaḋ.

O.—Agus ar ṡlóiġtiḃ Connaċt.

M.—Ní mince a ċuireadar ruag ar ṡlóiġtiḃ Connaċt nár mar a ċuir slóiġte Connaċt ruag orṫa-san.

O.—Ambasa, a Ṁéiḃ, is dóiċ liom gur ḋeinis an aḃa do ḃreiṫniú. Céad míle fear! Agus gan fear orṫa náċ naṁaid agus bioḋḃa báis do Ċonċoḃar agus d’Ultaiḃ! Déanfair an ḃeart, a Ṁéiḃ.

M.—Is fada go dtáinig sé asat! Déanfad an ḃeart! Bainfead an ṁór-ċúis de Ṁac Faċtna! Geaḃad de ċosaiḃ ’na ġradam! Curfar ceó ar do ṡoilse, a ṁic Neasa! Millfear an ṁór-uaisleaċt.