Page:Suantraidhe agus goltraidhe - Pearse.pdf/11

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

CRÓNÁN MNÁ SLÉIḂE.

A ċinnín óir, a ċoinneall mo ṫiġe-se,
Déanfair eolas dá siuḃlann an tír so.

A ḃéilín ḃuig do ḋeol mo ċíoċa,
Pógfaiḋ Muire ṫu ar a sliġe di.

A ġruaḋ ḃeag ċruinn is séiṁe ’ná síoda,
Leagdaiḋ Íosa a láiṁín mín ort.

Póga Ṁuire ar ḃéilín mo naoiḋe-se,
Láiṁín Ċríost ar leacain mo laoiġ ḃig!


Bí ciúin, a ṫeaċ, ’s a luiċíní liaṫa,
Coṁnuiġiḋ anoċt in ḃur gcuasaiḃ iaḋta.

A leoṁana ar an ḃfuinneoig, filliḋ ḃur sgiaṫa,
Cosgaiḋ ḃur gcrónán, a ċuileoga ciara.

A ḟeadóg ’s a ċrotaiġ, ṫar mo ṫeaċ ná triallaiḋ,
Ná laḃair, a ċaḋain, ag dul ṫar an sliaḃ so.

A ḋúile an tsléiḃe ḋúisiġeas go hiar-ṁoċ,
Ná corruiġiḋ anoċt go ngealaiḋ grian díḃ!

A 3
5