Page:Sermons in Irish-Gaelic - O'Gallagher.djvu/78

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
6
SERMONS OF THE

AN ĊEUD ṖUNC.

An uair a ṫig bain-riġan air biṫ go nuaḋ ċum riġaċta no ċum caṫraċ, biḋ spéis agus dúil aig an uile ḋuine ṡi a feicsint; teid an t-uasal agus an t-ísiol, an lag agus an laidir, an boċt agus an saiḋḃir, ’nna ȧracais agus ’g a fáiltuġaḋ; ní biḋeann niḋ air biṫ le feicsint aċt féastaiḋ ’g a g-caiṫeaḋ; fíonta ’g a n-dórtaḋ, gunnaiḋ móra ’g a sgaoileaḋ; cruit agus orgáin ’g a seinm; brontanais mórluaiċ ’g a b-pronnaḋ do ’n ḃain-ṗrionsa, ann aon ḟocal an uile cineál solomainn agus suḃailce gniṫear le linn Ṗrionsa no bain-ṗrionsa ṫéaċt a ġlacaḋ seilḃ air an g-coróin.

So an niḋ gniṫear, a deirim, leis na prionsaiḋ talṁaiḋ; aċt ni fiú airiuġad, no innisin, aon niḋ d’ a ṁeud is feidir a ḋéanaḋ air talaṁ, a ḃ-farras na solamainne agus an t-suḃailce a taisbeanaḋ a b-parṫas le linn bain-ríġne ḟlaiṫeaṁnais a ḋul a glacaḋ seilḃ air ċoróin na glóire. Ṫainic na naoi n-oird aingliḋ ’nna ȧrracais, agus ṡiad aig seinm aḃran ḃinne agus canṫici molta. Ṫainic, mar an g-ceadna ’nna ȧrracais na faiḋe, na Patriarca agus na ȧpstoil naoiṁ agus ban-naoiṁ ṗarṫais go iomlán. Ḃi parṫas go u̇ile air aon, ċo-ṡeinm ceolta fáilte agus molta roiṁ an m-bain-riġin Ṁuire.

Buḋ leor an meud so, dar leat, a Ċríostaiḋ d’ onóir a ḋéanaḋ fa ċoṁair créatúir air biṫ o Ḋia ’nuas, aċt níor ṁór le Críost niḋ buḋ ṁó ’na so a ḋéanaḋ d’ a Ṁaṫair: Ċuaiḋ se féin ’nna ȧrracais, do ċuir se coróin na glóire air a ceann, gaeṫe agus dealraḋ na glóire ann a ġnúis. Ġlac se a ṁaṫair go soilḃir, suḃáilceaċ; ṫug leis air láiṁ ṡi a ḃ-fiaḋnuise ȧn aṫar síorruiḋe, agus a duḃairt leis: so, ’Aṫair, an ḃean a ṫoġ Tusa o’n t-síorruiḋeaċt ann a ḃeiṫ ’nn a Maṫair agam-sa; so an ḃean a rinne a riaṁ mo ṫoil