Page:Sermons in Irish-Gaelic - O'Gallagher.djvu/76

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.
4
SERMONS OF THE

Is air a láiṁ tá an dioġaltas noċ de ṫuill ar b-peacaiḋ iontuġaḋ uainn. Is trid láṁa Muire ṫig gaċ caḃair agus coṁgnaḋ ó Dia ċugainn. Is si an srúṫán ṡi, as a d-tig uisge ṫobar na n-grása ’nn ṫuille ċugainn. Is d’ a ḋruim so orduiġeas an Eaglais duinn an urnaiġe ṡúd a ráḋ go minic.—Ora pro nobis, &c.

Leiġamuid a leaḃar na riġṫe go n-deaċaiḋ an Ḃainriġan Betsabé ’g iarraiḋ aṫċúinge air a Mac Solaṁ, mac Daiḃiḋ. ’Nuair a ċualaiḋ an riġ ṡi ḃeiṫ a’ téaċt, ċuaiḋ ann a ȧracais go luaṫ-ġáireaċ, rinne uṁluġaḋ agus onóir ḋi, agus ċuir air a ḋeas-láiṁ ann a ċaṫaoir rioġḋa ṡi; duḃairt leiṡi, gaċ niḋ a ṫastaiḋ uaiṡi iarraiḋ go dána agus naċ n-diúltóċaḋ se féin aon niḋ airṡi a d’ iarrfaḋ si. Pete mater mea, non cnim fas est, ut avertam faciem tuam (3 Regum, c. 2). Iarr a ṁaṫair, óir ní ḃ-fuil se ceart go g-cuirfinn móisiam air do ġnuis.

Mar an g-céadna tar eis Muire Ḃain-Tiġearna ċaiṫeaḋ a téarma air an t-saoġal so, agus gur mian le n-a Ȧon Mac, a breiṫ ċuige féin go parṫas, ṫainic se ann a ȧracais, agus sluaġta ṗarṫais ’nn aonḟeaċt leis; d’ árduiġ se ṡi eidir ċorp agus anam go flaiṫeaṁnas; do ċuir Criost air a ḋeas-láiṁ oi’n a suiḋe ṡi; ṫug se ḋí an uile ċuṁaċt air neaṁ agus air talaṁ faoi ṡe ḟéin; do ġeall ḋí naċ ḃ-fuil aṫċuinge air biṫ noċ d’ iarrfaḋ naċ ḃ-fuiġfeaḋ si. Pete mater, &c.

Is air an árduġad iongantaċ rinneaḋ air Muire go parṫas, agus air na mór grása a ḋortas si ann uas orainn is mian liom tráċt an diú tar éis mo ċoṁraḋ ruinn an a ḋá ṗunc.

Ȧrduiġeaḋ Muire go parṫas air moḋ iongantaċ eugsaṁail; sin an ċeud ṗunc. Biḋ si ’nn a ėidirġuiḋṫeoir agus ’nna mnaoi impiḋe eidir sinn-ne agus a ȧon Mac; sin an dara ṗunc. Iarramuid, &c.