Page:Sermons in Irish-Gaelic - O'Gallagher.djvu/74

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

SERMON I.

AIR ṠUAS-ṪOGḂAIL AR M-BAN-TIĠEARNA BEANNUIĠṪE, NA MAIĠDINE MUIRE, MAṪAR DE.

Ora pro nobis peccatoribus nunc et in hora mortis. Amen.

Gniḋ orainn ’nna b-peacaiḋaiḃ anois agus air uair ar m-bais. Amén.

Briaṫra an Spioraid Naoiṁ le beul na ėaglaise Catoilieiġe agus a gniḋ ruinn de ’n Aḃe Maria.

As an geárr urnaiġe so do ġniḋ an eaglais Ċatoiliceaċ is iontuigse daoiḃ, caḋ ṡe meud an doṫċuis a tá aicṡí ann eidir-ġuiḋe na Maiġdine Muire.

Co fada a’s biḋeas an duine ann gleann na n-deor air an t-saoġal biḋean an ċolan ’g a ṁeallaḋ; biḋ luiḋeaċán leaṫaṁail aig Lucifer agus aig sluaiġtiḃ Ifrinn ’nn a ṫimcioll; biḋ an uile riaċtanas agus easḃa air, a d-taoḃ anama agus coirp. Tamquam leo rugiens circuit, quærens quem devoret—1 Peter, c. 5. Teiḋeann se ṫart mar leon cíocraċ, feiṫeaḋ air neaċ do ṡlugaḋ. Ni ṫig le duine air biṫ lo n-a ṁisniġ fein an claon agus an t-ain-ġean ḃiḋeas aig an g-colain daonda do ’n t-saoġal a ṁaiġistreaċt. Ni’l cuṁaċt air talaṁ ḃéarfaḋ buaiḋe air ċaiṫiḋe an Diaḃail gan grása Dé. Cad eile, a Ċríostaiḋe, cad ṡe mar ġeaḃam’ na grása so a tá ċo riaċtanaċ so againn an leas ar n-anama do ḋéanad? Ni fiú sinn féin, ann naċ ḃ-fuil niḋ air biṫ ó nádúir aċt olc agus ain-ṁian, sinn a ḃiḋeas go laeṫeaṁail briseaḋ aiṫeanta Dé agus a ḋliġe; sinn a tá folluiġṫe ó ċeann go cois le luḃra an ṗeaċaiḋ, a dul aig iarraiḋ na ngrása so air an Te a m-biḋmuid cur feirge go laeṫaṁail? Oċ! cad eile, cia air a n-iarfamúid ṡe mar sin? Cia an carad, no an duine muinṫirḋa air a d-taḃarfamuid aġaiḋ ó rinneamar naṁaid d’ ar g-carad ionṁuin, Críost? A tá, a ċairde, air an Ṁaiġdean Ṁuire: