This page has been proofread.
2
SEANḞOCLA ULAḊ
Trí Níḋ.
1 Beagán síl i n-áiriḋ ċóir:—
Beagán bó i ḃféar ṁaiṫ,
Is beagán cáirde i dtiġ an óil,
Na trí níḋ is féarr ar biṫ.
2 (a)—Na trí droċ-nósa:—
Ag ól an ġloine,
Ag caiṫeaṁ an ṗíopa,
Is ag leagaḋ na driúċt’ go mall ’san oiḋċe
(b)—Diúrnaḋ na gcopán,
Deargaḋ an ṗíopa,
Is leagaḋ na driúċt’ go mall ’san oiḋċe.
3 Trí níḋ gan tairḃe nó bríġ:—
Faduġaḋ teineaḋ le loċ,
Clagadraḋ cloċ le cuan,
Cóṁairle ṫaḃairt ar ṁnaoi ḃuirb:
Is ionann sin is buille ḋ’ord ar iarann ḟuar
4 Trí níḋ gan riaġail:—
Bean, muc, is múille
5 Na trí aṁairc is géire amuiġ:—
Súil na circe i ndiaiḋ an ġráinne,
Súil an ġoḃann i ndiaiḋ an táirgne,
Agus súil an ċailín óig i ndiaiḋ an ġráḋa,
(Nó súil an oibriḋe i ndiaiḋ a ḟáiġe.)
B