“Ní le Máire Ghearra atá sé le pósadh, ach le Báb an Leasa anso thíos. Táid táilliúirí agus mná fuaghála ag obair ann le trí lá, agus ag gabháil aníos dom ar maidin indiu do chonac bacaigh ag bailiughadh ann cheana féin.”
“An bhfeacaidh aoinne riamh bhúr leithéidí?” arsa ’n ceathramhadh fear. “An rabhais ag an Aifrean Dé Domhnaigh a Mhicil? Dá mbéidhfeá ba dheacair duit gan an sgeul a chloisint a bhí i mbeul an uile dhuine. ’Sé sin go mbéidh Séadna d’á phósadh Dé Máirt seo chúgainn le Nóra an Tóchair. Agus is ann a bhí na bacaigh ag dul, agus ní go dtí an Lios. Cuirfead geall go ndéarfaidh Séadna féin go bhfuil an ceart agam-sa.”
D’fheuch Séadna ó dhuine go duine acu. Bhí an droch fheuchaint agus an droch sheasamh ’na shúilibh. Bhí fearg air, ach do bhrúigh sé fé í.
“Imthigh ort abhaile, a Dhiarmuid,” ar seisean, “agus bíodh ciall agat. Ní’l aon fhonn pósta orm-sa, agus ní deirim go mbéidh go fóil.”
Chrom sé a cheann agus dhírigh sé ar obair. Níor labhradh aon fhocal eile. Do shleamhnuigh Diarmuid amach, agus isé bhí go leamh de féin.
Tháinig sé abhaile.
“Seadh!” arsa Sadhbh.
“Seadh go díreach!” arsa Diarmuid.
“Cad é an sgeul é?” arsa Sadhbh.
“Tá sgeul ait,” arsa Diarmuid. “Béidh an dúthaigh go ceann seacht mbliaghan ó indiu ag steala-mhagadh fé bheirt againn, fút-sa agus fúm-sa.”
“Conus é sin, airiú?” arsa Sadhbh.
“É bheith tuillte againn,” arsa Diarmuid. Agus do theip uirthi a thuille cainte a bhaint as.