Page:Seadna.djvu/55

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
51
SÉADNA

mbliaghan. Ansan, pé slígh i n‑ar chuaidh an ráfla amach, bhí sé leathta ar fuid na dúithe go raibh Séadna réidh chun a phósta. Bhí sé socair go raibh an cleamhnas déanta agus go raibh an lá ceapaithe. Bhíodar bacaigh agus lucht siúbhail na dúithe ’ghá n‑ollamhughadh féin ’na chóir. Bhí aon nídh amháin sa sgéal a bhí ait go leór. Ní raibh aon bheirt socair ar cé ’r bh’í an bhean. Bhí sé socair ag muintir na sráide gur bh’í inghean Dhiarmuda Léith í. D’ airigh Diarmuid féin an socarughadh chómh minic ar siúbhal gur chreid sé an uile fhocal dé, agus geallaim dhuit gurab é a bhí go sásta ’na aigne. Bhí a fhios aige Séadna bheith saidhbhir agus gan beann ar bith a bheith aige ar airgead, agus mar sin do cheap sé, nídh nár bh’ iongnadh, ná béadh aon trácht ar spré. Bhí aon nídh amháin ag déanamh buartha dhó. Bhí lá ceapaithe ag an bpoibilidheacht chun an phósta. Bhí an lá san i ngoireacht seachtmhaine dhó, agus níor tháinig Séadna fós chun aon chainte leis.

“Is dócha,” arsa Diarmuid i n‑a aigne féin, “go dtiocfadh sé, ach gan é bheith ar aigne aon spré do lorg le Sadhbh. Tá go maith. Bean bhreagh dhathamhail iseadh í. Cailín ciúin ciallmhar ach ná curfaí fearg uirthi. ‘Is fearr bean ’ná spré.’ Nach mór an chiall a bhí ag an t‑é adúbhairt é sin ar dtúis! Ní sháróchadh an saoghal an sean-fhocal.”

D’imthigh dhá lá eile agus ní raibh sgeul ná duain ó Shéadna. Bhí iongnadh mhór ar Dhiarmuid. Bhí iongnadh ba dhá mhó ’ná san ar Shadhbh.

“Imthigh suas,” ar sise le n‑a h‑athair, “agus labhair leis an bhfear san, ó tá sé de neamh-thuisgint air ná tiocfadh sé féin chun labhartha leat-sa—nó liom-sa.”

Do bhuail Diarmuid suas. Nuair a bhí sé ag teacht i ngar do thigh Shéadna, d’airigh sé an obair ar siúbhal chómh