Page:Seadna.djvu/51

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
47
SÉADNA

fear adubhairt an chaint úd é nó nár bh’é, bhéadh neart dó é bhualadh nó gan é bhualadh.

Nóra.—Agus dar nóin, a Pheig, ní bhéadh sé ceart aige é bhualadh, pé ’cu dubhairt sé an chaint nó ná dubhairt.

Peig.—Ambasa, a Nóra, ní’lim-se ’ghá rádh go mbéadh. Ach táim ’ghá rádh go raibh sé ceapaithe air, pé ’cu bhí sé ceart nó ná raibh. Ach ba mhar a chéile é, mar do theip air aon radharc dh’fhághail air amuich ’ná i mbaile. Ní bhfuair sé a thásg ná a thuairisg thíos ná thuas, agus fé dheire d’imthigh an sgéal as a cheann.

Nuair a bhí an dá fhéire bróg críochnuighthe aige, bíodh a’s ná raibh an luach púint de leathar ídighthe, d’imigh sé agus thug sé leis luach dhá phunt, agus ansan luach cheithre bpúnt. Ansan do thug sé leis beirt ghréasaidhthe eile ar a bpágh lae, agus fé cheann tamaill beirt eile. Ba ró ghearr go raibh a ainim i n‑áirde sa dúthaigh le feabhas agus le saoire a bhróg, agus is chuige a thagadh na ceardaidhthe dob’ fhearr, mar isé is fearr a chothuigheadh agus a dhíoladh iad. Is ag triall air a thagadh na daoine ba shaidhbhre agus dob’ uaisle, ag ceannach bhróg, mar is i n‑a bhrógaibh a bhíodh an mianach dob’ fhearr, agus is ortha bhíodh an déanamh ba dheise. Is ag triall air a thagadh na daoine bochta ná bíodh airgead na mbróg oireamhnach acu, mar do thugadh sé cáirde breagh fada dhóibh, agus nuair a thagadh an cáirde agus ná díoltí na fiacha, ní bhíodh sé dian san éileamh. Is minic a thagadh gréasaidhthe ag triall air ná bíodh airgead acu chun leathair a cheannach, agus go n‑iaraidís air raint airgid a thabhairt ar iasacht dóibh, ionus go mbéadh neart dóibh bheith ag obair agus ag tuilleamh ruda i n‑inead bheith sgurtha díomhaoin. Ní baoghal gur thug sé an t‑eiteachas d’aoinne acu riamh, agus is ’mó gréasaidhe bocht fé