Page:Seadna.djvu/49

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
45
SÉADNA

CAIBIDIOL A SÉ.

Gobnait.—Ba dheas an crónán é. Ach ní fheadar cad uime gur tugadh “cailleach ruainneach” uirthi. Is dócha gurab amhlaidh do bhí féasóg sgáinte uirthi, mar atá ar Chailleach na mBroc.

Cáit.—Cé dúirt go raibh féasóg ar Chailleach na mBroc?

Gobnait.—Ó, go deimhin, a Cháit, tá sí uirthi. Bhíos-sa ’na h‑aice, agus d’fheuchas go cruinn ar a smeigín, agus tá sé lán de ruibíbh móra fada ramhra agus iad liath mar a bheadh guairí. Nuair a chonaic sí mé ’ghá dtabhairt fé ndeara, do gháir sí agus chimil sí dem’ eudan iad, i dtreó go mb’éigean dom liúghadh leis an ngigilt.

Cáit.—Is mairg nach ad’ shúilibh a chuir sí iad. B’fhéidir go gcuirfeadh sé thú ó bheith ag feuchaint ar dhaoinibh chómh droch-mhúinte sin.

Gobnait.—Dómhaise, am briathar mhóide, a Cháit, gur am’ shúilibh a chuir sí iad, feuch! Agus siné a chuir ag liúirigh mé, agus ní h‑é an gigileas. Bhí aon cheann amháin ortha a bhí chómh mór chómh fada le snáthaid reamhair, agus chuaidh sé isteach am’ shúil, agus geallaim dhuit nár chuireas a chuimhne dhíom go ceann tamaill. Ní fheadar, ámhthach, an mbainfidh sé an droch mhúineadh dhíom.

Cáit.—Éist, a Ghobnait, mar mhagadh a bhíos. Ní’l aon droch mhúineadh ort-sa, agus ní raibh riamh. Ach tá rud agat ná fuil agam-sa,—tá foidhne agat. B’fhéidir, dá mbéinn féin ann, go dteipfeadh orm