Page:Seadna.djvu/39

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
35
SÉADNA

mbeul gach aoinne, agus ní mar a chéile aon dá sgeul ná aon dá thuairisg ort. Deir duine go bhfeacais sprid. Deir duine eile gur thuit an tigh ort. Deir duine eile gur mhairbh splannc tú. Deir an ceathramhadh duine go bhfuarais airgead ag dul amú’. Agus mar sin dóibh, gach aoinne agus a shocarughadh féin aige ort. Cad a dhéinis? Nó cad tá ar siúbhal agat? Nó cad fé ndear an obair seo go léir?”

“Ní fheadar an tsaoghal, a Dhiarmuid. Ach dar liom-sa tá aon nídh amháin soiléir go leór. Is é sin ná fuaras airgead ag dul amú’. Is dócha dá bhfuighinn ná béinn ag teacht anso anois ag brath air go bhfuighinn raint leathair uaitse ar cáirde mar a fuaras cheana.”

“Mhaise, andaigh féin gheóbhair agus fáilte. An mór atá uait?”

“Dá mbéadh oiread agam agus a dhéanfadh bróga do bheirt níor bheag liom é an turus so, agus nuair a bheidís sin díolta agus an t‑airgead agam, dhíolfainn tusa agus thógfainn tuille.”

“Tá sé chómh maith agat an tuille do bhreith leat anois d’aon iaracht. Beir leat luach púint.”