Page:Seadna.djvu/34

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
30
SÉADNA

D’fheuch sé suas ar an mealbhóig agus ar an gcathaoir, agus ambasa bhí sórt sgáth’ air dul ’na ngoire. Do iniúch sé ar an dtalamh go cruinn mór-thímpal na cathaoireach, agus má dhéin, do chonaic sé ansúd go gléineach rian na h‑órdóige. Cheap sé go raibh baluith dóighte fós féin uaidh. Chuir sé bárr a mhéire ar an gcathaoir. Ní túisge chuir ’ná bhog sí leis go h‑éasga. Chuir san misneach air agus shuidh sé inti. Bhog sé anonn ’s anall í; bhog sí leis go breagh. Bhí a aigne sásta. Chuir sé lámh sa mhealbhóig agus chrom sé ar a ghreim beag mine do chogaint mar ba ghnáth. Chómh luath agus a bhí tart air, do chuaidh sé amach agus thug sé leis isteach cúpla ceann dos na h‑ubhlaibh agus d’ith sé iad.

Ar maidin lar na mháireach do ghluais sé go moch ag dul ar an aonach go gceannóchadh sé capall agus bó bhainne.

Ba ghearr gur bhuaileadar na cómharsain uime.

“Airiú, a Shéadna, cad d’imthigh um thráthnóna indé ort?” arsa duine acu. “Cheapamair go léir gur b’amhlaidh a thuit caor ar do thigh agus go rabhais loisgithe ad’ bheathaidh. Níor airigheas riamh a leithéid de thóirthnigh.”

“Tá an éagcóir agat,” arsa duine eile. “Níor thóirthneach é ach búirtheach mar ghéimreach thairbh.”

“Éist do bheul,” arsa ’n trímhadh duine. “Cá bhfuil an tarbh d’fhéadfadh an bhúirth úd do chur as?”

“Do bhíos-sa,” arsa ’n ceathramhadh duine, “am’ shuidhe i mullach Charaige an Eidhneáin agus bhí radharc agam ar an dtigh, agus nuair airigheas an fothrom go léir d’fheuchas anonn agus chonac mar a bhéadh fiolar agus grathain chíor-dhubh phriachán ag eirighe i n‑áirde sa spéir, agus bhí iongnadh orm a rádh go bhféadfaidís a leithéid d’fhothrom a dhéanamh.”