Page:Seadna.djvu/284

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been proofread.

dhoirche é do chroídhe níor fhéadais an t-eólus a choimeád uaim-se go raibh a grádh súd chómh láidir chómh daingean ionat agus a bhí grádh do mhnaoi i gcroídhe aon fhir d’ár mhair riamh. Níor mheasas go raibh an fear san beó ar an saoghal so d’ fhéadfadh cur ’na choinnibh! Is beag má chuir aon rud riamh oiread iongnadh orm agus a chuir an freagra úd a thugais ar an mbaintrigh. Má dhéineas dícheal riamh do dhéineas an uair sin é, chun tusa chur i dtreó ná féadfá tarang siar. Do bhuadhais orm d’ aimhdheóin mo dhíchil. An bhean is fearr i n-Éirinn chuiris ód’ chroídhe í agus a grádh greamuighthe ionat! Chuiris ó d’ chroídhe í agus a croídhe d’á raobadh le grádh dhuit! Ní fheadar an duine daona i n-aon chor thú! Ba chuma leat dá gcurthá sa n-uaigh í! Cad é an díobháil dom ach an chúis. Do chroídhe féin agus a croídhe sin do stracadh ó n-a chéile – ar son an –”

“Críochnuigh é!” arsa Séadna.

“Ar son an t-É atá thuas!” arsa ’n Fear Dubh. “‘Slánuightheoir’ a thugan sibh air. Siné an gníomh a thug an lámh uachtair duit orm-sa. Siné an gníomh le n-ar bhrúighis agus le n-ar mhillis mé, agus ní h-é do chuid déarca gan áird gan tairbhe.”

“Tá a lán cainte déanta agat,” arsa Séadna, “ach sa chaint go léir ní’l innste agat ach taobh de’n sgéal. Is fíor dhuit go gcuirean grádh agus caradas agus muíntearthas agus ionmhuine a lán daoine ar a n-aimhleas. Ach nach mór an iongnadh ná feicean tú go gcuirid na neithe céadna san a lán daoine ar a leas leis? Déanfaidh duine rud ar a charaid ná déanfadh sé choídhche uaidh féin. Agus déanfaidh duine a leas go minic, ar chómhairle mhaith ó chara dhílis chiallmhar, an uair, b’ fhéidir, gur b’ é a aimhleas a dhéanfadh sé dá mba ná béadh an cara san aige chun na cómhairle sin a