bhreith uait a gan fhios dom. Cathain a bhéidh an aimsir caithte?”
“Nuair a bhéidh na trí bliaghna déag caithte,” arsa Séadna, ag cur smuta eile gáire as.
“Is deisbhéalach atáir!” arsa ’n Fear Dubh, ag baint fásgadh as na h-ingnibh. “Ach fan leat go fóil. Bainfear cuid de’n deisbhéalaíghe dhíot ar ball, geallaim dhuit é.”
Bhí lámh Shéadna go daingean ar an seóid a bhí istigh ’na bhrollach aige. Do stad an bheirt ag feuchaint ar a chéile. Séadna ’na shuidhe ’na shuidhchán oibre. An bhróg ’na láimh chlé aige, anuas ar a leath-ghlúin. An lámh dheas istigh ’na bhrollach aige. An Fear Dubh ’na sheasamh ar a aghaidh amach. Iongnadh agus fearg agus miosgais agus mailís agus droch aigne ag brúth ar a chéile ’na bhéal agus ’na shúilibh agus thuas sa n-éadan mharbhthach aige.
“Dá gcaithinn fanmhaint anso go maidin,” ar seisean, “ní sgarfad anois leat!”
“Ach, ní gádh an fhearg,” arsa Séadna. “Glac réidh an sgéal. Is ró mhaith atá a fhios agat, nuair a thiocfaidh an t-am ná fuil aon dul uait agam. Dhéinis do mhargadh daingean a dhóithin, ‘fé bhrígh na mionn’! Thoiligheas-sa chuige gan aon ochó do chur ann. Tá a thoradh san agam anois. Ba mhaith é an t-airgead an uair sin, dar liom. Is beag an mhaith anois é. Ba bhreagh agus dob’ fhada an tréimhse aimsire trí bliaghna déag an uair sin, nuair a bhíodar rómham amach. Cad é an mhaith iad anois! Ach pé olc maith iad ní foláir iad do chríochnughadh go macánta dleaghthach. Ní raibh aon cheart agat teacht go dtí go mbéidís críochnuighthe. Ní ’lid siad críochnuighthe fós agus ní mór dómh-sa dícheal a dhéanamh ar an mbróig seo do chríochnughadh má fhéadaim