salmaireachta agus le n-a cuid gliúmála. Dúbhairt sí go raibh cearc ag glaodhach sa tigh seo, agus dúbhairt sí gur bhuail droch theangbhálaidhe uim Shadhbh. Agus an bhfuil a fhios agat cad dúbhairt sí leis? Dúbhairt sí gur ó Chúig Uladh í féin agus gurab amhlaidh do cuireadh a-dtuaidh ar fad í chun Sadhbh do chosaint ar a h-eascáirdibh. Bhíos féin ag gabháil anall feuchaint conus bhí sé seo ag teacht chun cinn nuair a bhuail teachtaire umam ’ghá rádh liom go raibh eagal ar na cómharsain go raibh ath-iompáil ag teacht air. Do bhí iongnadh orm cad do chuirfeadh an ath-iompáil air go dtí gur inis sé dhom go raibh sí siúd ag caint leis. Is dócha nár thug sí uain di féin ar iomláine an sgéil do thabhairt léi, le h-eagla ná béadh tusach aici agus gur lúgh-de an síntiús do gheabhadh sí é. Is dóich liom go bhfuair sí síntiús uaidh ach ní raibh puínn aici le h-innsint dó, agus an méid a bhí, níor dhéin sé ach aigne an duine bhoicht do chur tré chéile níos mó, agus buairt a dhóithin cheana air.”
“Agus nach mór an iongnadh nár aithnighis í, a Dhiarmuid,” arsa ’n tíncéir.
“D’airigheas teacht tháirsi go minic, ach ní fheaca riamh roimhe sin í, agus ní h-uirthi bhíos ag cuimhneamh, nídh nach iongnadh, ach ar mo leanbh,” arsa Diarmuid.
“Cad é an sórd innsinte d’airighis-se ar an ráfla so, a Phádraig?” arsa ’n sagart. “Nó an bhfuil aon bhunús leis?”
“Ambasa, a Athair,” arsa Pádraig, “ní fhéadfadh bunús níob’ fhearr a bheith leis. Ní ráfla ná sgéal sgéil é, ach fírinne ghlan. An cairéir, Uilig de Búrc, isé d’inis dómh-sa é. Cormac féin isé d’inis dó-san é. Is dóich leis go bhfuil Cormac agus Sadhbh pósta um an dtaca so. Deir Cormac gurab é an rígh féin do dhéin an cleamhnas.”