Jump to content

Page:Seadna.djvu/161

From Wikisource
This page has been validated.

“Conus san?” arsa Séadna.

“Do réir mar thuigim an sgéal,” arsa Cormac, “is chúgat-sa is mó bhí sé, agus seo mar cheap sé teacht ort, dá ruitheadh leis. Nuair bhéadh gnó an aonaigh críochnuighthe aige d’ imtheóchadh sé féin agus Sadhbh síos go dtí an baile mór. D’fhágfadh sé an triúr eile i mbun na gcapall ’ghá mbreith leó go mbuailfeadh cuid d’á n-aicme féin úmpa ar an slígh agus go nglacfaidís uatha iad le cur ar aontaídhibh eile d’á ndíol. Nuair shroisfeadh sé an chathair thiocfadh sé i láthair an bhreithimh agus dhearbhóchadh sé ort-sa an bheart a bhí déanta aige féin, gur agat a bhí an t-airgead bréagach agus gur tú a bhí ag ceannach na gcapall do’n rígh, mar ’dh eadh, agus ná raibh de ghnó aige féin sa n-áit ach chun an chleamhnais do dhéanamh agus chun a mhná do thabhairt leis. Ansan, nuair a bhéadh a thoil imeartha aige ort-sa agus an chnáib ar do mhuineál aige do phósfadh sé Sadhbh, agus féuch ansan cé déarfadh gur bhitheamhnach é! Níor ró dheacair dó an sgéal do chur ’na luíghe ar mhuíntir na cathrach nuair do ’neósfadh sé dhóibh a luíghead airgead a bhí agat-sa tá beagán aimsire ó shin ann agus méid do shaidhbhris anois.”

“Ní dúbhairt aoinne riamh go bhfuair sé airgead bréagach uaim,” arsa Séadna.

“Ní lúgha ’ná ’fuair,” arsa Cormac. “Nuair a h-innseadh dómh-sa gur tú thug an cíos do’n bhaintreach an lá úd fadó, do thrialas an uile phíosa dhé agus bhí sé go léir chómh dílis agus dá mba amach ó cheárdchain an rígh féin do thiocfadh sé an mhaidion chéadna.”

“Is dócha,” arsa Séadna, “dá mbéadh sé bréagach go rachadh an sgéal dian orm;” agus chuir sé smuta gáire as.

“Níor bhaoghal duit aon sgéal do dhul dian ort