bhfear is saidhbhre sa Mhúmhain nó b’fhéidir i n-Éirinn. ‘Agus,’ ar siad, ‘tá órdúghadh ó’n rígh, congnamh fear do ghléasadh láithreach agus imtheacht agus breith ar Shéadna úd, pé h-é féin, agus é a thabhairt chun lámha anso gabhtha.’ ‘Cá bhfuil an fear d’inis an sgéal san?’ arsa mise. ‘Tá sé anso istigh,’ ar siad. Chuadhmair isteach. Ní raibh a thuairisg ann. Do ritheadar anonn ’s anall ’ghá chuardach. Ní raibh sé le fághail ach mar shloigfeadh an talamh é. ‘Cá bhfuil an triúr eile?’ arsa mise. ‘Istigh sa charcair,’ ar siad. ‘Feiceam iad agus ceistigheam iad,’ arsa mise. Chuadhmair isteach agus cheistigheamair iad, gach fear díobh fé leith. Bhíodar ar aon fhocal amháin sa méid seo. Go raibh an t-airgead bréagach d’á dhéanamh i n-áit éigin sa chathair. Ná raibh fios na h-áite ag aoinne acu féin. Go raibh coróinn fé’n bpúnt acu d’á fhághail as an airgead do chur amach ar aontaídhibh agus ar mhargaídhibh. Gur le mangaireacht do mhaireadar go dtí gur theangbhaigh an obair seo leó. Gurab amhlaidh do cuirtí an t-airgead bréagach chúca go h-áit a gcómhnuighthe. Ná feacadar riamh an áit ’na mbítí ’ghá dhéanamh ’ná an t-é bhí ina cheann ar an ngnó.
“Ní fheacaís riamh ach an iongnadh chroídhe a bhí ar mhuíntir an rígh nuair dh’airigheadar an méid sin. Ansan d’innseas-sa dhóibh conus chuiris-se i ndiaigh na mbitheamhnach mé, agus chuireas ar a súilibh dóibh conus, mura mbéadh tusa, nár bh’fhéidir teacht suas leó i n-aon chor.
“Amáireach a bhí chúgainn b’éigean dom dul i láthair an bhreithimh agus an sgéal d’innsint tríd síos dó. Ansan do daoradh iad chun a gcrochta mar gheall ar an ngníomh bhí déanta acu agus é a dhéanamh fé ainim an rígh. Agus do ceapadh lucht brath agus cuireadh amach iad ins na chúig árdaibh feuchaint an bhféadfaidís teacht