Page:Seadna.djvu/157

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
153
SÉADNA
bheartaibh, agus le n-a n-éagcóir, agus leis an sgrios a bhíon acu d’á dhéanamh ar dhaoinibh bochta, ’ghá mbrúghadh agus ’ghá meilt agus ’ghá ndíbirt le fuacht agus le fán, agus níor airigheas riamh gur dhéin aoinne acu aithrighe ’ná leóirghníomh. Isiad na daoine bochta a bhíon ag déanamh na h-aithrighe. Is greannmhar an sgéal é!

Peig.— Ó! go deimhin, a Cháit, déinid daoine uaisle aithrighe leis. Inghean rígh dob’ eadh Gobnait Bhaile Mhúirne. Agus mac rígh dob’ eadh Colm Cille.

Síle.— Ar airighis an méid sin, a Ghobnait?

Gobnait.— Ach! d’airigheas fadó é, a Shíle. Inghean rígh dob’ eadh í. Agus nuair fhág sí tigh a h-athar dúbhairt an t-aingeal léi gan stad chun cómhnuighthe ach sa n-áit ’na bhfaghadh sí naoi gcinn d’fhiadhnaibh bána ’na gcodla roímpi. Tháinig sí go dtí áit éigin agus fuair sí trí cinn acu ann, agus d’fhan sí tamall beag sa n-áit sin. Ansan do tháinig sí go Cill Ghobnatan thíos agus fuair sí sé cinn ann. D’fhan sí tamall mór ansan, agus siné uair a tugadh Cill Ghobnatan ar an áit. Ansan do tháinig sí go Baile Mhúirne agus fuair sí na naoi gcinn ann. D’fhan sí ansan an chuid eile d’á saoghal agus is ann atá sí curtha.

Cáit.— Cuirfead-sa geall gur fada bhéidh na ’c Eóghnaigh amuich sul a ndéanfaidh an duine uasal a chuir amach iad aithrighe agus iad do chur isteach airís.

Nóra.— Is dócha nach mar a chéile na h-uaisle atá ann anois agus na h-uaisle a bhí ann fadó.

Peig.— Gan amhras, is dócha gur fada go bhfeicfear naomh ortha.