Page:Seadna.djvu/153

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
149
SÉADNA
CAIBIDIOL A H-OCHTDEUG.

Bhí an oídhche ag imtheacht agus ní raibh Cormac ag filleadh ná aon tuairisg chruinn uaidh. Na daoine do chaill a gcuid, bhí ceist agus ceann-fé agus náire ag teacht ortha. An focal úd adúbhairt Sadhbh le fear an bhramaigh, d’airigheadar é agus do thuigeadar ’na n-aigne go raibh an ceart aici. Ní raibh aoinne acu féin nár oir an chaint dó, chómh cruinn agus d’oir sí d’fhear an bhramaigh. Bhí a fhios acu ná raibh puínn truagha ag daoinibh dóibh, agus ní raibh puínn truagha acu féin d’á chéile. D’inis a dtuisgint féin dóibh, nuair a tugadh an t-airgead mór dóibh ar na capaillibh, go raibh breis mhór agus a gceart acu d’á fhághail,— agus ghlacadar é. Ar ball nuair a tháinig an fhírinne amach do thuigeadar ’na n-aigne nár imthigh ortha ach an rud a bhí tuillte acu, mar gur thugadar toil do’n droch bheart. Bhíodar ag bailiughadh leó agus ag imtheacht abhaile, go dúr agus go dochraideach, go do-shásta agus go díombádhach, go leamh díobh féin agus de chuaird an lae acu.

Síle.— Feuch gurab iomdha cuma i n-a ndéintear airgead bréagach d’éaghmuis é dhéanamh de licíníbh slinne, le diablaidheacht.

Cáit.— Feuch féin sin. Agus feuch, leis, gurb anamh le fághail duine bhéadh chómh macánta san go dtiocfadh sé i gcionn seachtmhaine chun an airgid chirt do chur i n-inead an airgid bhréagaigh, mar tháinig Micheál Réamoinn.

Gobnait.— Agus dáltha an sgéil, feuch gur beag d’á bhuidhchas a bhí air. Bhí “a chuid a’s a chlú aige” ag imtheacht dó.