“Agus greadadh tré lár do sgairt!” arsa Séadna, agus tháinig a chaint dó; “ná féadfá an méid sin do rádh gan duine do mhilleadh led’ chuid glinneamhna, pé h‑é thú féin?”
“Is cuma dhuit cé h‑é mé, ach bhéarfad an oiread airgid duit anois agus cheannóchaidh an oiread leathair agus choimeádfaidh ag obair thú go ceann trí mbliaghain ndeug, ar an gcoinghíll seo—go dtiocfair liom an uair sin.”
“Agus má réidhtighim leat, cá raghmaoíd an uair sin?”
“Cá beag duit an cheist sin do chur nuair a bhéidh an leathar ídighthe agus bhéimíd ag gluaiseacht?”
“Táir geur-chúiseach. Bíodh agat. Feiceam an t‑airgead.”
“Táir-se geur-chúiseach. Feuch!”—do chuir an Fear Dubh a lámh ’na phóca agus tharaing sé amach sparán mór, agus as an sparán do leig sé amach ar a bhais carn beag d’ór bhreagh bhuidhe.
“Feuch!” ar seisean, agus shín sé a lámh agus chuir sé an carn de phíosaibh gleóidhte gléineacha suas fé shúilibh Shéadna bhoicht. Do shín Séadna a dhá láimh, agus do leathadar a dhá laghar chun an óir.
“Go réidh!” arsa ’n Fear Dubh, ag tarang an óir chuige isteach. “Ní’l an margadh déanta fós.”
“Bíodh ’na mhargadh,” arsa Séadna.
“Gan teip?” arsa ’n Fear Dubh.
“Gan teip,” arsa Séadna.
“Dar bhrígh na mionn?” arsa ’n Fear Dubh.
“Dar bhrígh na mionn,” arsa Séadna.