Page:Seadna.djvu/127

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has been validated.
123
SÉADNA

Muire Mháthair ansúd thuas ag feitheamh leat.” Tháinig neart agus misneach láithreach dó. “Druididh uaim amach,” ar seisean leó. Chuir sé an dréimire suas de gan congnamh, agus do crochadh é. Bhí sé ceithre fichid.

Cáit.—Ba dheas an gníomh é! Dá bhfaighinn lom ortha do chrochfainn iad mar a chrochfainn madraí uilc. Na cladhairí gránda! An seanduine bocht! Agus a fhios acu ná raibh sé agus ná féadfadh sé bheith ciontach. Nár chóir go mbéadh náire ortha!

Gobnait.—Náire! ’Dhe, cá bhfios dóibh siúd cad a bhain le náire? Bhídís ag lámhach agus ag crochadh na ndaoine ins gach aon bhall an uair sin. Nach shin é an fear san thíos i Magh Chromdha do bhuail aníos Gort na Lice maidean Domhnaigh ar muin a chapaill, agus a ghuna ar a bheulaibh aige, agus nuair a chonaic sé an duine bocht i n‑aice an tuir ar a ghlúinibh ag rádh na Coróinneach Muire, do sgaoil an pléar tríd!

Cáit.—Ambasa, a Ghobnait, is fíor dhuit. Do dhéin sé mar sin é. Bhíos i Magh Chromdha lá i n‑aonfheacht le Neill agus thaisbeáin sí dhom é, agus am briathar, nuair a chonac é, gur choruigh mo chuid fola. Bhí sé ansúd go liath láidir ag siúbhal na sráide, chómh dána agus dá mba ná béadh a leithéid déanta aige. Do theip orm gan nimh mo shúl do chur ’na láimh dheis. Thug sé fé ndeara mé ag feuchaint ar an láimh, agus d’iompuigh dath gorm ar an mbitheamhnach. B’é b’fhada liom go rabhas as a radharc, geallaim dhuit é.

Síle.—Cé h‑é féin, a Cháit?

Cáit.—’Dhe, an sean chladhaire sin thíos Dochtúir de Faoite.