Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/159

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
143
BÉ AN tSIOPA SEANDAĊTA

“Innis dúinn anois ce’n ċaoi ar ċaiṫ sé an aimsir sin.”

Ṫosuiġ sé féin ag cainnt. Ċuala sé a ġlór féin, anois féin, agus é n-a ṡuiḋe ag an ḃfuinneóig. B’éigin dó cosg a ċur leis féin ó am go ham; ḃí súile an ḟir ġonta ġá ṡáiṫeaḋ. An tarcuisne ḃí le feiceál ionnta! An tarcuisne ḃí aige ḋóiḃ go léir! Cé’n ċaoi a ḃféadfaḋ fear naċ raiḃ i ndán dó aċt breiṫ an ḃáis ḃeiṫ ċoṁ neaṁaireaċ sin?

“.... n-a ḋiaiḋ sin ḃíoḋ seómra beag aige i Sráid na Life.... Ḃíoḋ beirt de’n triúr a daoraḋ cúpla lá ó ṡoin ag teaċt ar cuairt aige ann.... Tá siopa seandaċta ar a aġaiḋ amaċ. Ḃínn féin sa siopa sin ġá ḃfaire....”

D’eiriġ an bleaċtaire. Ṡíl sé dearmad a ḋéanaṁ ar an sgéal ar fad. Ḃí sé ag baint codlaḋ na hoiḋċe ḋe. Ḃí sé ag baint suaiṁneas an lae ḋe. Eisean a ċuir Peadar Ó Doṁnaill ċun báis. Deireaḋ aon duine leis é. An raiḃ aon ċáll leis? Naċ ḃféadfaḋ sé a ṁalairt de ṫuairisg ṫaḃairt air? Naċ ḃféadfaḋ sé a raḋ....

Ḃí páipéar ar an mbórd i n-aice leis. Ó ċeann- aire na mbleaċtairí ṫáinic an páipéar sin. Ċuir an sgéal ḃí ann croiḋe beag ann. Árduġaḋ páiḋe agus gradam nuaḋ....

Aċt an díṫṁeas ḃéaḋ ag cáċ air! Cé’n bríġ tarcuisne an ṗríosúnaiġ? Naċ raiḃ sé faoi aol agus gainiṁ anois? Aċt cé’n ceart ḃí ag an oifigeaċ óg de luċt na cúirte é ṁaslaḋ? Naċ ag cuidiuġaḋ leó ḃí sé féin? Má ċuir sé craiceann ar an sgéal dóiḃ ar laḃair sé aċt an ḟírinne? Cé’n ċaoi