Life ḋom ag faire ṡeómra Ṗeadair Uí Ḋoṁnaill. Níor ṫáinic sé féin ná aon duine dá ċáirdiḃ ċuig an áit i gcaiṫeaṁ na haimsire sin!”
An ċéad uair eile a dtáinic Peadar isteaċ ċuici, d’ḟiafruiġ bé an tsiopa seandaċta ḋe cé’n sórt duine ḃí sa ḃfear sin leis ar ċaiṫ sí cúpla uair i nÁrus Ceóil.
D’innis Peadar di cé’n ċéird ḃí aige.
Ṫáinic fearg uirri.
“Agus d’iarr tú orm dul n-a ċuideaċtain!” ar sise.
“Ḃí gáḃaḋ leis,” arsa Peadar go réiḋ socair. d’ḟéaċadar beirt ar a ċéile.
“Agus má iarrtar ort é ḋéanaṁ arís,” ar seisean, “ní ṡílim go gclisfiḋ tú.”
“Ní ċlisfiḋ,” ar sise; ḃí iongnaḋ uirri an ṁuinġin ḃí ag an ḃfear óg seo aisdi, aċt ní raiḃ ḟios aici gur ċuir Peadar a tuairisg agus go raiḃ ḟios aige ó ṫús cé dár díoḃ í.
Nárḃ í inġean a haṫar í?
Mí n-a ḋiaiḋ seo ḃí Eirġe-Amaċ ann. Gaḃaḋ Peadar Ó Doṁnaill. Daoraḋ é. Cuireaḋ piléir ann....
B’é an lá ar caiṫeaḋ Peadar Ó Doṁnaill é....
Ḃí an bleaċtaire leis féin n-a ṡeómra. Ar a ġlúnaiḃ ḃí sé agus paidrín n-a ġlaic aige. Ċuir sé