Page:Seacht mbuaidh an eirghe-amach - Padraic O Conaire.pdf/155

From Wikisource
Jump to navigation Jump to search
This page has not been proofread.
139
BÉ AN tSIOPA SEANDAĊTA

“Cé’n sórt daoine?” arsa Peadar agus é ar a aire ar an nóiméad.

“Fear caol árd is mó ḃíos ann,” ar sise.

“Fear plucaċ donn,” arsa Peadar, agus ṫug sé tuairisg an ḃleaċtaire ḋi.

“Bíonn sé annseo beagnaċ gaċ lá,” ar sise, “leigeann sé air go ḃfuil suim ṁór aige sna sean- leaḃraiḃ sin ṫall, aċt ní ró-ḟada go dtugas faoi deara gur ag faire ortsa ḃíos sé.”

Ṫáinic cosamlaċt imniḋeaċ ar Ṗeadar. Pé ar biṫ céard ḃí ar siuḃal aige, níor ṡíl sé go raiḃ ḟios ag na bleaċtairiḃ cá gcaiṫeaḋ sé a ṡaoire ḃeag; agus ṫug sé cuireaḋ do ċáirdiḃ leis ṫeaċt go dtí an seómra sin anoċt féin le ceist ṫáḃaċtaċ a ṡocruġaḋ. D’aiṫneóċaiḋe gaċ duine aca, agus ḃí sé ró-ḋeireannaċ an ċoṁḋáil a ċur ar cáirde....

Ḃí sé féin agus bé an tsiopa seandaċta n-a seasaṁ taoḃ le taoḃ i n-aice leis an gcarn leaḃar.

“Annseo is mó ḃíos sé,” ars an ḃé, “ag dearcaḋ anonn ar do ṡeómra-sa. Tig leis gaċ uile ṡórt ḟeiceál ó’n áit seo....”

“Ḃfuil aiṫne ṁaiṫ agat air?” D’ḟéaċ Peadar idir an dá ṡúil uirri.

“Tá aiṫne ṁaiṫ agam air,” ar sise, “tá sé ag iarraiḋ ḃeiṫ mór liom,” agus ṫáinic cúṫalaċt uirri.

D’eiriġ Peadar an-smaointeaċ.

“An ḃféadfá é ṁeallaḋ as an tsráid seo anoċt ar aon ċaoi?”

Ba léir ḋi ó’n gcaoi ar iarr sé uirri a leiṫéid a ḋéanaṁ go raiḃ toġaḋ áḋḃair aige le n-a aṫċuinge. Ní raiḃ sí fiosraċ, aċt ḃi fonn an tsaoġail uirri a